2015: 2016:
Geallann Éire 4,000 teifeach a ghlacadh Níl ach 311 teifeach úr glactha ag Éirinn
Náireoidh carthanais an Rialtas inniu mar gheall gur theip air tearmann a chur ar fáil do go leor teifeach ó chogadh na Siria.
D’fhoghlaim Seachtain nár lonnaigh ach 311 dídeanaí sa Phoblacht bliain i ndiaidh gealltanas go nglacfaí le 4,000 dídeanaí.
Cothrom na seachtaine seo bliain ó shin spreag pictiúir de chorp buachalla trí bliana d’aois ón tSiria a tháinig i dtír ar thrá sa Tuirc uafás ar fud na cruinne.
Bhí an tSiria i mbun cogaíochta cheana féin nuair a rugadh Aylan Kurdi. Fuair sé bás in éineacht lena dheartháir Galip a bhí cúig bliana d’aois agus lena máthair Rehan. Mhair a n-athair Abdullah.
Tearmann
Bhí siad i mbun iarrachta chun éalú go daoine muinteartha leo i gCeanada cé gur diúltaíodh dá n-iarratas ar thearmann.
Ó fuair Aylan bás, ghlac an Ghearmáin le milliún dídeanaí — ach níor ghlac Éire leis an deichiú cuid fiú den 4,000 áit a tairgeadh.
Eiseofar na figiúirí go foirmeálta inniu ag cruinniú le Comhghuaillíocht na nDídeanaithe agus na nImirceach in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath.
Beidh ionadaithe ó Thrócaire, ó Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann agus ó Ionad Chearta na nImirceach in Éirinn i measc na gcainteoirí ag an gcruinniú.
Is grúpa de nap ríomh eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn le himircigh agus le dídeanaithe in Éirinn agus go hidirnáisiúnta í Comhghuaillíocht na nDídeanaithe agus na nImirceach.
I ndiaidh bhás Aylan, thairg na mílte duine ar fud na hÉireann a n-áiteanna cónaithe a chur ar fáil do dhídeanaithe.
Bhí sé ar an gcéad uair riamh beagnach a raibh freagra an phobail ar na meáin shóisialta mar bhonn agus mar thaca do bheartas rialtais.
“Caithfidh Rialtas na hÉireann a chinntiú go bhfuil riachtanais daoine atá ag teitheadh ó choimhlintí mar bhun agus barr ag cinntí beartais a dhéantar ag leibhéal an Aontais Eorpaigh,” a dúirt Jane-Ann McKenna, stiúrthóir MSF Éireann.