NUACHT CLUICHE NA bPONCÁN Á IMIRT ANOIS IN ÉIRINN
An daorchluiche anois á imirt againn ar fud na tíre
Chuir Éireann a céad fhoireann go dtí Craobh na hEorpa sa daorchluiche 20 bliain ó shin an samhradh seo.
Agus i mbliana, bhuaigh foireann na hÉireann an bonn cré-umha sa chomórtas sin sa tSlóivéin, sa tsraith is ísle den chomórtas, sraith C.
“Bhíomar ag súil leis an gcomórtas a bhaint ach bhí muid sásta leis an toradh ag an deireadh,” a deir Peadar Ó Caomhánaigh, uachtarán Chumann Daorchluiche na hÉireann.
“Chuir muid foireann de roinnt daoine as Éirinn agus roinnt eile le pasanna Éireannacha ach atá ag cur fúthu i Meiriceá nó Ceanada.
“Tá ar Chumann Daorchluiche na hÉireann cinneadh a dhéanamh amach anseo mar gheall ar conas a roghnóidh siad foireann na hÉireann.”
Is comórtas le haghaidh fir amháin atá i gCraobh na hEorpa.
Faoi láthair, tá thart ar 330 duine fásta ag imirt daorchluiche sa tír seo go rialta agus tá beagnach 300 páiste á imirt.
Tá naoi gclub daorchluiche in Éirinn agus tá comórtas náisiúnta in Éirinn do na clubanna sin. Is comórtas measctha é — imríonn fir agus mná le chéile sa chomórtas.
Tá 13 fhoireann ag glacadh páirte sa chomórtas sin i mbliana sa dá shraith; Sraith A agus Sraith B.
B’imreoirí proifisiúnta iad tráth cuid de na himreoirí atá ag imirt i Sraith A. D’imir lear acu san ollscoil nó bhíodh siad ag imirt ag leibhéal ard ina dtíortha féin.
“Is leibhéal níos sóisialta é leibhéal B,” a deir Peadar, “sin an leibhéal a mbím féin ag imirt ann.”
Bíonn comórtas idirnáisiúnta in Éirinn gach bliain freisin.
Tá Cumann Daorchluiche na hÉireann ag iarraidh aird na ndaoine a tharraingt ar Éirinn mar thír ina n-imrítear daorchluiche agus úsáideann siad an comórtas sin mar thraenáil don chomórtas Eorpach.
Reáchtáil siad péire acu sin go dtí seo ag Lárionad Idirnáisiúnta Daorchluiche Chill Dhéagláin i gContae na Mí a d’oscail siad anuraidh.
Is féidir daorchluiche a imirt i gcúinne páirc peile nó páirc iománaíochta ach tá sé níos fearr má tá páirc bhuan i gceist.
Ardchaighdeán
“Má tá tú ag iarraidh imirt ar ardchaighdeán bíonn cnoc beag ag teastáil don duine a chaitheann an liathróid,” a deir Peadar. “Tá an t-ionad i gContae na Mí go hálainn agus is linne é go hiomlán. Tá sé iontach go bhfuil sé againn.”
Imríonn neart daoine ó thíortha eile daorchluiche in Éirinn. Tá cuid de na foirne go maith ag mealladh Éireannach leis an spórt a imirt.
“Tá siad ag déanamh an-jab i mBéal Feirste ag mealladh Éireannach,” a deir Peadar.
Tá dhá fhoireann lonnaithe i gContae Aontroma; Belfast Northstars agus Ulster Buccaneers.
Tá na Ashbourne Giants lonnaithe i gCill Dhéagláin, tá Dublin Black Sox, Dublin City Hurricanes agus Dublin Spartans lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Tá Greystones Mariners lonnaithe sna Clocha Liatha i gCill Mhantáin, na Cavan Comets i mbaile an Chabháin agus West Clare Dolphins lonnaithe in iarthar Chontae an Chláir.
Bíonn na clubanna ag traenáil le linn na seachtaine agus imríonn siad cluichí sa chomórtas náisiúnta ag an deireadh seachtaine.
Tá daorchluiche á imirt in Éirinn le 25 bliana agus thug Meiriceánaigh a raibh cónaí orthu in Éirinn leo é abhus.