NUACHT ÚLL SA LÁ AGUS BEIDH TÚ GO BREÁ, A ÉIREANNAIGH
TIM COOK PRÍOMHFHEIDHMEANNACH APPLE
Úll sa lá agus beidh tú go breá! Tá an tAontas Eorpach i ndiaidh a rá gur gá do Apple €13 bhilliún de cháin a íoc le hÉirinn cionn is nár íoc siad é thar na blianta. Ní mó ná sásta a bhí Apple agus Tim Cook faoi seo, ná rialtas na hÉireann, ar cúis inteacht. Cé mo dhuine Cook? Thóg sé post Steve Jobs mar phríomhfheidhmeannach in 2011, bliain tar éis bhás Jobs.
Tá sé 55 bliana d’aois agus is as Mobile, Alabama, é ó dhúchas agus tá cónaí air i gCalifornia, croílár na teicneolaíocha. Tuairiscítear go bhfuil €785 mhilliún aige, samhlaigh sin! Deir sé go bhfuil sé dul é uilig a bhronnadh ar chatharnaisí lá éigin. Beidh le feiceáil. Le seachtain anuas, is mó caint atá ar Tom ná Robbie Keane, nach hea? Is cinnte go bhfuil ór agus airgead tuillte ag Robbie ildánach i ndiaidh dó 68 gcúl a scóráil ach is ar Cook a bhronn muintir na hÉireann an €13 bhilliún. Nó le bheith cruinn faoi, a bhronn rialtas na hÉireann air.
Ní chuireann an méid a dúirt Cook an tseachtain seo iontas ar éinne, mar sin: “Níl a dhath mícheart déanta againne ná ag rialtas na hÉireann. Tá caidreamh den scoth eadrainn.” Déarfainn go bhfuil! Ach, nár thug sé an t-airgead ar ais don rialtas? Thug, ach tá sé i dtaisce ag an rialtas go dtí go ndéantar cinneadh maidir leis an airgead. N’fheadar cén tslí ar thug sé an t-airgead dóibh, i mbairille mór airgid nó ar bhronn Cook seic mór Lotto ar Enda Kenny? €13 bhilliún? Smaointigh ar na féidearthachtaí! Dúirt an tAontas Eorpach gur féidir le hÉirinn an t-airgead a chaitheamh ar aon rud is mian leo, AON RUD, IN AINM CROIM, TÁIMID SAIBHIR!
Thiocfadh linn ospidéil a thógáil, tithe sóisialta, córas sláinte a fheabhsú, idirlíon a chur i gceantair thuaithe na hÉireann, ceoltóirí maithe a sheoladh chuig an Eoraifís, nó fiú amháin infheistíocht cheart á dhéanamh inár dteanga!
Nó na €13,000,000,000 a roinnt idir an 6.4 milliún duine a chónaíonn in Éirinn — sin €2,031 agus 42 cent do gach mac agus iníon máthar chun a rogha rud a dhéanamh leis. Go pearsanta cheannóinn iPad leis an airgead sin. Fan bomaite, níl muid ag glacadh leis an airgead? Tá rialtas na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le Apple, ag troid chun dul in éadan an chinnte a rinne an tAontas Eorpach.
“Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh tromaíocht a dhéanamh orainn le cáin Apple,” dar le Enda.
Dia dár sábháil, is aisteach an tromaíocht é sin. Ní ró-mhinic a bhí bulaí na scoile ag tabhairt cúpla punt dúinn agus póg ar an bhaithis. Mar sin, an bhfuil an rialtas anois réchúiseach faoi chúrsaí cánach don ghnáthdhuine? Bíodh ciall agat, a chara!