Irish Independent - Seachtain

Morgáistí agus billí... an bhfuil saol níos fearr ag ár sinsear?

-

Is cuimhin liom m’athair ag rá liom go raibh an saol fadó chomh tuffálta leis an ndiabhail agus sa chéad chomhrá eile bhí na laethanta gan locht!

Agus ná beadh aon tuiscint ag an aos óg ar na cúrsaí seo. Is dóigh gur féidir an rud céanna a rá fé gach glúin. Ach an cheist atá agam ná an raibh an saol níos fearr nó níos measa fadó?

Aríst táimid ar ais ag an tá agus níl. Ní féidir an dá shaol a chur i gcomparáid.

Cuid dos na rudaí a bhí cruaidh na blianta ó shin níl níos mó, nó an bhfuil sé chomh simplí leis sin?

Mar shampla, obair feirme — blianta ó shin bhí an obair seo cruaidh agus ní raibh ann ach sluasaid agus píce agus mar sin de. Sa lá atá inniu ann tá cad é trealamh ann chun an chrua-obair seo a dhéanamh, ach ar an dtaobh eile tagann an trealamh seo le costas agus caithfear íoc astu! Tháinig obair cinn in áit na hoibre cruaidh!

Siar na blianta ní raibh puinn cainte fé mhorgáistí agus anois níl duine sa tír gan ceann nó b’fhéidir dhó!

Aríst ní raibh sna seantithe ach cloch and díon agus comhluadar maith fé, anois is iontach na tithe a chífeá agus morgáiste ag dul leo chomh deas leis an gcríoch fhéin.

Aríst tagann an áilleacht seo le costas agus le costas tagann tinneas cinn. Níl aon dabht ach go rachaidh mé go Gaillimh an lá a bheidh an píosa deireanach íoctha agam agus is dóigh liom go bhfuil ana-chuid daoine mar sin!

Murach an morgáiste céanna bheadh an seana-shaol ar ais is slí iontach. Nuair a bheidh sé íoctha ag cuid againn beidh sé ró-dhéanach sult a bhaint as! Sea, arsa tusa, murach na morgáistí seo conas mar a bheadh ár gcuid tithe? Níl aon dabht go mbeidís fuar, fliuch, gránna.

Is deacair sin a shamhlú sa lá atá inniu ann agus taithí againn ar a mhalairt. N’fheadar an mbeadh tithe an lae inniu ró-the, róthirim agus ró-ghalánta dóibh siúd a mhair na blianta siar, ní dóigh liom é!

Níl ansan ach cúpla sampla agus tá míle agus céad ceann ann agus is soiléir go bhfuil cúrsaí airgid tar éis rudaí a athrú.

B’fhéidir ná raibh an t-airgead ann fadó ach bhí codladh na hoíche níos fearr acu agus gur mar sin a bheadh!

 ??  ?? Sona sásta: Lánúin atá i ndiaidh aistriú isteach ina dteach nua. Thíos, seanteach in Éirinn
Sona sásta: Lánúin atá i ndiaidh aistriú isteach ina dteach nua. Thíos, seanteach in Éirinn
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland