Fómhar le brí ar RnaG
Cuireadh tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo — agus beidh neart craice agus spraoi ann.
I rith na seachtaine, beidh Eibhlín Ní Chonghaile ar ais sa chathaoir d’Iris Aniar, beidh Áine Ní Churráin ar ais ar Bharrscéalta, fillfidh Máirtín Tom Sheáinín le hArdtráthnóna ag a 2in, beidh Rónán Mac Aodha Bhuí ar ais ar a sheanléim ar Rónán Beo@3 agus beidh Cormac Ó hEadhra ar an stiúir arís ar Chormac ag a Cúig.
Ó thaobh an cheoil de, beidh Banríon na Siamsaíochta ar ais ag 10.15rn i rith na seachtaine, agus cuirfear fad leis an chlár Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ar an Luan a bheidh ag tosú ag a 3in, agus le cloisteáil ag 4.10in ó Mháirt go hAoine.
Ceol tíre
Beidh sraith nua den Bhóthar go Nashville ag Jó Ní Chéide dúinn gach Luan ag a 9in, le ceol tíre den scoth, agus beidh Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig ar ais le ceol na hÉireann agus na hAlban i sraith nua de Shruth na Maoile ar an Aoine ag a 2in.
Ag an deireadh seachtaine, cuirfidh Máirín Ní Ghadhra agus Bláthnaid Ní Chofaigh tús an athuair lena gcuid clár maidin Shathairn agus beidh Eilín Ní Chearna ar ais le sraith nua Rogha Eilín ag a 7in.
Beidh Siúlach Scéalach ag athrú ón Luan go dtí oíche Dhomhnaigh ag a 8in sa sceideal nua, clár ina gcloisfear léargas ar oidhreacht na Gaeilge ar Radió Éireann ón gcéad lá anall, le Ian Lee.
Cuirfear tús le dhá chlár nua amach i mí Dheireadh Fómhair — clár ealaíon ar an Satharn, an Mhuir Shíoda, agus clár nua comhrá le Máirín Nic Con Iomaire ar an Domhnach ag 1.15in, Seal Cuideachta.