Suíomh na Seachtaine
irishforparents.ie Suíomh gréasáin nua is ea www.irishforparents.ie atá dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.
Tá dhá ghné air a bheadh úsáideach don té atá ag múineadh ranganna do thuismitheoirí. Tá ábhar físe, téipscripteanna agus rogha tascanna ranga, mar aon le treoracha don mhúinteoir maidir le conas na tascanna a úsáid, le fáil ar an suíomh.
Anuas ar an ábhar teagaisc fís-bhunaithe, tá rogha gníomhaíochtaí eile ar an suíomh a bheadh úsáideach do ranganna do thuismitheoirí — cluichí, ról ghníomhaíochtaí, crosfhocail, srl. agus iad rangaithe de réir dhá leibhéal teanga.
Fosta, tá liosta acmhainní tacaíochta a bheadh úsáideach do thuismitheoirí curtha le chéile (fós á fhorbairt).
Acmhainní a chabhródh le hobair scoile, a thacódh leis an saol teaghlaigh agus le foghlaim na Gaeilge atá i gceist. Ar cheann de na buaicphointí is mó atá ag an suíomh ná go mbeidh cabhair bheo le ceisteanna faoin obair baile ar fáil ar an suíomh idir a 4-6in ó Luan go Déardaoin i rith an téarma scoile.
Beidh beirt mhúinteoirí bunscoile ag reáchtáil na gné sin den tionscadal. Tá an suíomh seo beo ó thús na míosa agus beidh tuilleadh forbartha á déanamh ar an suíomh san fhómhar — tuilleadh físeanna, ábhar teagaisc, gníomhaíochtaí agus eile!