Mná ar thóir an choirn
“Bhí a fhios againn go mbeidh coimhlint ghéar ann,” a dúirt Paudie Murray (thíos), bainisteoir camógaíochta Chorcaí tar éis a mbua in aghaidh Loch Garman sna babhtaí leathcheannais.
Ach seans maith go n-úsáidfear na focail chéanna tar éis chluiche ceannais sinsear na hÉireann Dé Domhnaigh nuair a imreoidh Corcaigh in aghaidh Chill Chainnigh.
Is ar thairseach na staire atá Corcaigh agus iad ar thóir a dtríú comórtas as a chéile.
Is annamh a deirtear go bhfuil corn gann i gCill Chainnigh ach níl na mná tar éis Corn Uí Dhúfaigh a bhuachan ó 1994.
Ba í Ann Downey, bainisteoir reatha na foirne, an captaen ar an lá sin. Ach idir sin agus seo, tá cúig Chraobh na hÉireann caillte acu, an uair dheire- anach dhá bhliain ó shin in aghaidh Chorcaí. Thóg sé am breise don dá fhoireann cáiliú don chluiche ceannais. D’éirigh le Corcaigh Loch Garman a bhualadh 0-19 le 0-15 tar éis am breise ach bhí seansanna acu iad a bhaint ag deireadh lán ama. Mhol Paudie carachtar agus ráta oibre a fhoirne ach bhí deacrachtaí acu briseadh fríd líne leathchúil Loch Garman, nóta do Chill Chainnigh táim cinnte. Scar an cúl a tháinig ó phoc saor ón taobhlíne a thóg Anne Dalton d’fhoireann Chill Chainnigh na foirne sa chéad tréimhse d’am breise ach beidh le feiceáil an bhfuil an oiread sin feabhais tar éis teacht ar na Cait ó dhá bhliain ó shin. CLUICHÍ CEANNAIS CAMÓGAÍOCHTA Sóisir: Ard Mhacha v Cheatharlach @12in Idirmheánach: Corcaigh v Chill Chainnigh @14.00 Sinsir: Corcaigh v Chill Chainnigh @16.00