Na Déise chun cinn ar ghasúir na Gaillimhe...
Gaillimh nó Port Láirge? Sin í an cheist nuair a imreoidh an dá fhoireann seo in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais iomána na hÉireann fé 21 le Bord Gáis Energy i Staid Semple Dé Sathairn.
Caithfear a rá gur fiú amharc ar struchtúr an chomórtais. Níl ach cluiche amháin imeartha ag Gaillimh agus iad sa bhabhta ceannais agus cé gur cuireadh scrúdú géar roimh Phort Láirge i bhfeachtas na Mumhan, ní mór atá foghlamtha acu ón slad a rinne siad ar Aontroim sa bhabhta leathcheannais 5-25 le 1-8.
D’imir an dá fhoireann seo in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais na Mionúr trí bliana ó shin, leis na Déise ag buachaint a gcéad chraoibhe sa ghrád sin le 65 bliana ar scór 1-21 le 0-16.
Spéisiúil
Ar pháipéar, tá Port Láirge an-láidir le himreoirí sinsear ar nós Austin Gleeson (ar dheis), Conor Gleeson, Patrick Curran, Stephen Bennett, Shane Bennet agus Tom Devine leo.
Is é 1992 an bhliain dheireanach gur bhuaigh Port Láirge Craobh fé 21 ach seo foireann spéisiúil, le deichniúr a thosaigh i mbabhta ceannais na Mionúr ag toiseacht Dé Sathairn.
Ní féidir aon léamh a dhéanamh ar chluiche an bhabhta leathcheannais ach chuir Tiobraid Árann ceisteanna orthu i gCraobh na Mumhan agus d’fhreagair siad iad — go háirithe an 1-8 a d’aimsigh siad sna 15 bhomaite dheireanacha. Sheas Austin Gleeson amach an lá sin agus beidh siad ag súil le sárthaispeántas arís uaidh.
Is dócha go mbeidh Tony Ward, bainisteoir na Gaillimhe, buar- tha faoin mhéid seansanna a Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann Bord Gáis Energy Faoi 21 Gaillimh v Phort Láirge, Staid Stemple, Durlas, Dé Sathairn @17.00 chuir Gaillimh amú in aghaidh Bhaile Átha Cliath — 16 ina iomlán gan trácht ar chúpla seans ar chúl.
Ní fhéadfaidh Gaillimh na seansanna sin a chur amú an uair seo nó íocfaidh said go daor as. Thóg sé am breise chun Baile Átha Cliath agus Gaillimh a scarúint óna chéile 0-21 le 0-19 sa bhabhta leathcheannais.
Léirigh captaen na foirne Brian Molloy (ar chlé) cé chomh tábhachtach is atá sé dá fhoireann le 0-10 agus ceithre chúilín ag teacht san am breise.
Gortú
D’imir sé féin agus seisear dá chomhghleacaithe in aghaidh Phort Láirge in 2013 ach tá imní faoin imreoir sinsir Conor Whelan don chluiche seo mar gheall ar ghortú gualainne. Chuir sé a ghualainn as alt sa bhabhta leathcheannais agus ba mhór an buille é muna mbeadh sé ar ais chuige féin in am don chluiche seo. De réir na ngeallghlacadóirí, is iad Port Láirge rogha na coitiantachta é a bhaint agus caithfidh tú aontú leis sin.