Irish Independent - Seachtain

Gaiscígh ag iompar camán

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Casadh iriseoir Ó Cheanada orm ar mo shlí amach as Páirc an Chrócaigh tar éis Cluiche Ceannais bríomhar dian eachtrúil agus spreagúil d’fheiscint tráthnóna Domhnaigh seo caite.

Iomáint a bhí á imirt agus gaiscígh ó Thiobraid Árann agus Cill Chainnigh a bhí in adharca a chéile sa chomhrac chun ceannas a ghabháil.

Bhí an fear ón iasacht ana-thógtha leis na gníomharth­a gaile agus gaisce a bhí feicthe aige agus fonn air labhairt ina dtaobh. Mar fhocal scoir dhearbhaig­h sé go mbeadh suim ar leith ag cuid de phobal a thíre dúchais féin sa chluiche ársa go raibh draíocht ag baint leis.

Go deimhin sular scoramar den gcomhrá mhol sé “an iomáint a iompórtáil isteach i gCeanada” agus rud nár thuigeas ró-mhaith “isteach sa Spáinn freisin”.

Sea, bhain gach éinne a bhí i láthair mór-shásamh as imeachtaí an Domhnaigh agus ná tóg orthu é má dhiúl muintir Thiobraid Árann beagáinín breise taitnimh as an ócáid.

Nach raibh an lámh in uachtar fachta acu ar dhéithe na hiomána — gaiscígh Chill Chainnigh go raibh Craobh Uile-Éireann gnóthaithe acu aon uair déag ó theacht na mílaoise nua. Ní féidir a rá gur de bharr an t-ádh a bheith leo in eachtraí anseo agus ansiúd sa chluiche go bhfuil Craobh na hÉireann ag na Muimhnigh; is acu atá an gradam toisc sárthaispe­ántas iomána a léiriú ó thús go deireadh an chluiche ceannais.

Is minic ráite é nach bhfuil tréith chomh tréan ar fáil le dóchas domhain nuair bhíonn foireann dírithe ar sprioc nach bhfuil sé éasca a shroisint. Bhí an tréith sin le sonrú go soiléir i ndearcadh agus in imirt iománaithe Thiobraid Árann i gcluiche an Domhnaigh.

Dóchas móide dúthracht agus cumas a bhí ann agus ní haon ionadh é go raibh toradh fiúntach ag baint leis.

Bhí rianta den dóchas le feiscint ó Lá ’le Bríde ar aghaidh agus amhail liathróid sneachta ag sciorradh le fána mhéadaigh an fuinneamh agus an chumhacht a bhí ann le gach im- rothlú. Comhghaird­eachas le laochra Thiobraid Árann.

Ach ná deinimis dearmad ar Chill Chainnigh. Níor ghéilleada­r go dtí gur fhógair fuaim na feadóige go raibh deireadh leis an gcoimhlint. Tá uaisleacht ag baint leis an gcaoi inar ghlacadar leis an dtoradh.

Ní hé an chéad uair gur cuireadh dá dtreoir iad ó thosnaigh ré iontach Bhriain Mhic Óda. Bí deimhin de gur ag féachaint ar aghaidh a bheidh siad go luath arís in ionad bheith ag tochailt ar thóir leithscéal­ta.

Tuigeann gach éinne go raibh draíocht ar leith ag baint leis na cluichí a imríodh ó thús Lúnasa ar aghaidh. Mairfidh a gcuimhne agus bhí na Cait lárnach in go leor díobh.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland