Buairt ann go bhfuil na Gardaí ar tí dul ar stailc
Tá formhór mór ghnáth-Ghardaí na tíre ar tí vóta a chaitheamh ar son gníomhaíocht thionsclaíoch agus d’fhéadfadh stailc a bheith i gceist leis sin, a dúirt baill le Seachtain.
D’eagraigh Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, a dhéanann ionadaíocht ar 10,500 Garda ar fud na tíre, vóta le deireanaí agus meastar go mbeidh na torthaí ar fáil i gceann coicíse.
Ach dúirt baill an chumainn i gceantair éagsúla mórthimpeall na tíre le Seachtain go bhfuil siad ag súil go mbeidh tromlach an vóta ar son gníomhaíochta.
Feargach
Tá thart ar leath na nGardaí chomh feargach sin faoi chúrsaí pá agus coinníollacha go bhfuil siad réidh le dul ar stailc.
Ach ní fheicfear an ‘slaghdán gorm’ arís mar a tharla in 1998 nuair a ghlaoigh 5,000 oifigeach ar a stáisiún ag rá go raibh siad tinn agus nach bhféadfaidís dul ag obair.
An lá sin níor tháinig 68% de Ghardaí Bhaile Átha Cliath isteach chuig an obair – agus bhí 100% in easnamh in áiteanna eile. Bhí Óglaigh na hÉireann faoi réir le tabhairt faoi obair na nGardaí.
An uair seo, d’fhéadfadh Gardaí dul ar stailc mar go gcreideann siad go raibh an ‘slaghdán gorm’ mí-ionraic.
Creideann siad freisin go sáraíonn
dlíthe a chuireann cosc ar stailceanna a eagrú reachtaíocht Eorpach i ndiaidh rialú a rinne an Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta in 2014.
Tá fearg ar Ghardaí mar gheall ar chiorruithe pá, caillteanas incrimintí agus ar choinníollacha – easpa trealaimh, oiliúna agus ball breise ina measc.
“Bhíodh an tuarastal go dona i gcónaí agus dhéanadh Gardaí an jab mar go mbaintí sásamh as an bpost ar a laghad, ach tá sé sin imithe freisin,” a dúirt foinse amháin ón gCumann.
Dona
“Teastaíonn ó go leor díobh — níos mó ná a leath seans — siúl amach ar stailc. Creidtear go bhfuil an Rialtas tar éis caitheamh go han-dona linn mar go gceapann siad go nglacfaidh muid leis, ach tá sé sin athraithe le fada anois.”
Fógraíodh an vóta an tseachtain seo caite, ach níor cuireadh fearg na nGardaí in iúl i gceart go dtí anois. Meastar go bhfógrófar an toradh ar an 27 Meán Fómhair.
Dúirt ionadaí an Chumainn i nDún na nGall, Breandán O’Connor, go raibh an cás níos measa fós i gceantair Ghaeltachta.
“Tá géarchéim faoin tuath agus sna Gaeltachtaí, áit a bhfuil easpa Gardaí ag déanamh barraíochta,” ar seisean.