PRÓIFÍL LEATHANACH 2
JASON SMYTH LÚTHCHLEASAÍ PARAILIMPEACH
An é seo an Lúthchleasaí Parailimpeach is fearr in Éirinn riamh? Is é go deimhin, de réir na mbonn ar scor ar bith! Tá cúig bhonn óir buaite aige laistigh de thrí Chluiche Oilimpeacha ach tá Ultach eile, Micheal McKillop, sna sála air le ceithre bhonn Oilimpeacha. An bhfuil sé chomh gasta le Usain Bolt? Chríochnaigh Bolt an 100m laistigh de 9.81s agus chríochnaigh Smyth an T12 100m laistigh de 10.64s.
Mar sin níl ach 0.81 soicind idir Smyth agus an fear is gaiste ar domhan! Éacht amach is amach! Anuas air sin, is minic a chuirtear stíl réchúiseach Smyth agus é ag rásaíocht Usain Bolt i gcuimhne dúinn. Cad é an míchumas atá air? Fágadh Jason le 10% dá radharc i ndiaidh don ghalar Stargardt a bheith air agus é ocht mbliana d’aois.
D’admhaigh sé in agallamh go mbíonn amhras ar dhaoine faoina mhíchumas as siocair nach bhfuil sé feiceálach do dhaoine: “Níl cathaoir rotha ná lanna agam mar a bhíonn daoine ag dúil leis,” a dúirt sé. Luaigh sé go bhfuil constaicí móra ag baint lena mhíchumas — mar shampla, bíonn air suí díreach os comhair na teilifíse agus bíonn beirt de dhíth chun a chuid inge a ghearradh. Cá raibh an ceiliúradh is mó? Bhí Éireannaigh ar bís go raibh an bua aige ach is cinnte go raibh a bhaile beag, an Mhagh, i Contae Dhoire le daonra de 3,165 ag cóisireacht go maidin ag ceiliúradh bhua Jason! Tá súil le Dia againn go mbeidh sé ar rith i dTóiceo in 2020... Tá cinnte – agus tá ról lárnach ag Dia féin i rath Jason. Deir sé go gcuidíonn an reiligiún Mormannach go mór lena shaol agus go bhfuil slí bheatha an lúthchleasaí fite fuaite le slí beatha na hEaglaise. Ní ólann sé, ní chaitheann sé agus ní thógann sé aon drugaí. Cén sort saoil atá aige sa bhaile? Tá Jason pósta go sona sásta ar Elise agus bhí a gcéad pháiste, cailín darb ainm Elise, acu i mí Mheán Fómhair 2015.