Irish Independent - Seachtain

An nóiméad úd nach ndeinimid dearúd air go deo

- DÁITHÍ ÓSÉ

Le gach glúin tagann nóiméad a chuireann stop le gach aon rud. An nóiméad ‘cá raibh tusa?’. Nóiméad. Má théann tú siar sa stair tá cinn mhóra a sheasann amach. Críoch an Dara Cogadh Domhanda, bás JFK, na stailceann­a ocrais agus mar sin dó.

Dúinne, nó daoine ar comhaois liomsa, níl aon dabht ach gurb é 9/11 an dáta is mó a sheasann amach mar is cuimhin linn ar fad cá rabhamar agus cad a bhí ar siúl againn.

Is cuimhin liom a rá uair amháin gur an lá seo an bhliain seo caite a tharla sé, bhuel an tseachtain seo tá 15 bliana ann.

Cá bhfuil an t-am seo imithe?

Agus is minic a chuimhním orthu siúd a maraíodh ar an lá sin, an bhfuil dearúd déanta orthu? Níl ag a muintir is dócha.

Is cuimhin liom a bheith ag seoladh chláracha an fhómhair in éineacht le foireann TG4 agus gur tháinig an scéal chugainn. Cheap gach éinne gur ag magadh a bhí duine éigin, ach bhí a fhios againn go raibh sé dáiríre nuair a chonaiceam­ar an dara heitleán ag dul isteach sa dara túr.

Is cuimhin liom ag rá go raibh sé ar nós scannán Hollywood.

Níor chreid éinne an méid a bhí ag tarlú os ár gcomhair amach. Bhíomar in ainm is a bheith ag ceiliúradh an tráthnóna sin ach ní raibh fonn ar éinne agus gach duine againn in ísle brí. An mhaidin dár gcionn bhí na páipéir lán do phictiúirí ón eachtra agus na cláracha nuachta lán le scéalta.

Bhí sé ar nós tromluí ná raibh ag críochnú.

Bhí scéal is ndiaidh scéala níos measa ná an ceann a tháinig roimhe.

Bhí mo dheartháir céile ag obair timpeall na háite sin agus is cuimhin liom a bheith ag iarraidh teangmháil a dhéanamh leis. Ní raibh na fónanna ag obair agus tar éis dhá lá fuaireamar an scéal go raibh sé slán sábháilte. Ní raibh sé ag obair an lá sin sa chuid sin den gcathair. Bhí seans leis!

Toisc go bhfuil ana-chuid Éireannach i NuaEabhrac bhí ana-chuid eile ar nós sinn fhéin — ní raibh an scéal chomh maith sin ag daoine eile faraoir.

Bhíos ag obair i NuaEabhrac an bhliain dár gcionn agus bhí rud éigin difriúil mar gheall ar an áit ina dhiaidh sin agus bhí i gcomhair bliana ina dhiaidh sin.

Tá rudaí ar ais mar a bhí anois más ea, cé go mbíonn na Nua-Eabhracaig­h ar an airdeall agus canathaobh ná beadh?

 ??  ?? Uafás: An t-ionsaí ar na túir i Nua-Eabhrac in 2001
Uafás: An t-ionsaí ar na túir i Nua-Eabhrac in 2001
 ??  ?? Deora: An comóradh 15 bliana i Nua-Eabhrac Dé Domhnaigh
Deora: An comóradh 15 bliana i Nua-Eabhrac Dé Domhnaigh
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland