Breithlá 10 mbliana ag raidió an phobail
Deich mbliana ó shin nuair a thosaigh Raidió Fáilte ag craoladh ón Chultúrlann i mBéal Feirste thiocfadh leis an fhoireann breathnú amach an fhuinneog agus d’fheicfeadh siad sciar mór dá lucht éisteachta.
Bhí an stáisiún beag agus ar bheagán acmhainní agus éisteoirí nó an t-am sin ní raibh an coincheap de ‘stáisiún raidió pobail’ ach ina thús.
An tseachtain seo áfach agus iad ag ceiliúradh 10 mbliana tá an stáisiún, a chraolann ar 107.1fm i mórcheantar Bhéal Feirste agus ar an idirlíon ar www.raidiofailte.com, i bhfad níos láidre.
Tá carn de ghradaim agus d’ainmniúcháin mar chruthúnas ar chaighdeán na gclár agus na gcraoltóirí.
Agus má labhraíonn tú le bainisteoir Raidió Fáilte, Fergus Ó hÍr, cloisfidh tú go leor staitisticí uaidh a mheabhraíonn duit an oiread de dhul chun cinn is a rinneadh.
“Táimid i ndiaidh 80,000 uair an chloig de chláir a chraoladh,” arsa Fergus.
“D’oibrigh breis agus 500 duine ar bhonn deonach linn. Tá 200 duine i ndiaidh barr maise a chur ar scileanna craolta trí bheith ag freastal ar ár gcúrsaí traenála. Agus ó dhuine amháin d’fhoireann in 2006 tá foireann dáréag anois againn.”
Ach dar le Fergus nach bhfuil i staitisticí ach leid dá bhfuil curtha i gcrích ag an stáisiún. Ar seisean: “Ní dhéanann staitisticí a mheas an tslí a bhfuil Raidió Fáilte ina chuid den ghnáthshaol ag go leor daoine anois. Ní mheasann staitisticí an luach a fhaigheann daoine as a bheith ag éisteacht leis an cheol nó leis an chaint nó an tsiamsa ann. “Tá rudaí nach dtig le staitisticí a rá linn. “Cuimsíonn pobal éisteachta Raidió Fáilte pobail fud fad na hÉireann agus fud fad na cruinne anois.
“Pobal é atá líonmhar agus atá ag dul i dtreis i rith an ama.
“Agus is pobail iad a bhfuil éagsúlacht mhór ag baint leo ó thaobh a suimeanna.
“Is dúshlán gan stad dúinn aithne cheart a chur ar ár n-éisteoirí agus a bheith ag riar i gceart orthu.”
Agus lean sé leis: “Ar an bhliain seo chugainn beimid ag bogadh chuig áras nuathógtha leis na háiseanna is úire ann.
“Tá sin agus na comharthaí sóirt uilig dearfach.
“Ach is raidió pobail é Raidió Fáilte agus dá sultmhaire is atá na cláir, dá suimiúla iad, tá sé barrthábhachtach dúinn an ghné phobalach sin a bhéimiú is a fheabhsú.
“A bheith i dtúin leis an phobal éisteachta.”
Tá fáilte roimh éisteoirí a dtuairimí a chur in iúl nó más mian leo scileanna craoltóireachta a fhoghlaim, clár a chur i láthair, nó cuidiú ar bhealach ar bith leis an stáisiún gabhaidís i dteagmháil le Raidió Fáilte ag fergus@raidiofailte.com nó ag Béal Feirste 00 44 2890 310013.