Irish Independent - Seachtain

Scoileanna fadó

-

Ó 1695, bhí scoileanna sa tír seo, ach ní raibh siad aon phioc cosúil leis na scoileanna atá againn anois! An difríocht is mó a bhí ann ná nach raibh aon fhoirgneam­h acu! Bhíodh an múinteoir ag múineadh ar thaobh an bhóithrín. Glaoitear scoileanna scairte ar na scoileanna seo toisc go raibh na páistí ina suí sa chlaí. An dóigh leat go mbeadh páistí an lae inniu sásta freastal ar scoil mar sin? Bhuel, ag an am, theastaigh ó thuismithe­oirí na bpáistí go bhfaighidí­s oideachas maith i dtreo is go mbeadh siad in ann dul ar imirce agus saol maith a chruthú dóibh féin thar lear. D’fhreastail breis is 100 páiste ar na scoileanna scairte seo agus is minic go raibh cúpla scoil scairte in aon pharóiste amháin! Smaoinigh ar na blianta a bhí ann. Bhí bia agus airgead gann ach fós bhí tuismitheo­irí sásta díol as múinteoir chun oideachas a thabhairt dá bpáistí sna scoileanna scairte. An raibh cóipleabha­ir, áireamháin, marcóirí, agus fillteáin acu? Ní dóigh liom go raibh obair bhaile le déanamh! An obair bhaile a bhí le déanamh ag na daltaí seo ná cabhair a thabhairt sa bhaile. Bhí orthu na ba a chrú nó an féar a shábháil nó dul ag cnuchairt móna nó ag bailiú feamainne cois trá. Saol crua a bhí ann ach smaoinigh freisin nár thír neamhspléa­ch a bhí inti ag an am sin ach an oiread. Ba chúis eile í sin gur theastaigh ó na tuismitheo­irí go mbeadh post maith ag a bpáistí thar sáile. Nuair a bhí na Sasanaigh i réim, ní raibh cead ag daoine freastal ar scoil agus bhí na scoileanna scairte seo faoi rún. Bhí Reiligiún, Mata, Béarla, Gaeilge, Gréigis agus Laidin i measc na n-ábhar a múineadh sna scoileanna seo. Uaireanta bhíodh foirgneamh tógtha de láib in úsáid acu, gan simléar ná fuinneog. Mura raibh airgead ag tuismitheo­ir don mhúinteoir, dhíol siad as le bia nó móin nó lóistín. Ar mhaith leat go mbeadh do mhúinteoir ina chónaí leat i do theach?

Ar mhaith leat freastal ar scoil mar sin? Cén fáth?

_______________________________________________________________ _______________________________________________________________ ___________________________________________________

An raibh tú ag cnuchairt móna riamh?

___________________________________________________________

Cén fáth go mbeadh daoine ag bailiú feamainne? An mbaintear aon úsáid as feamainn anois?

_______________________________________________________________ _______________________________________________________

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland