Irish Independent - Seachtain

Cad é mar is féidir faoiseamh a fháil ó ghalar na linne seo?

Is é an galar intinne an fhadhb is mó in Éirinn sa la atá inniu ann — agus níl cúrsaí teicneolaí­ochta ná an fón póca ar leas na ndaoine, a deir Sorcha Ní Dhubháin

-

Uaireanta téim ag snámh san fharraige. Uaireanta nuair atá mo cheann agus mo chroí leisciúil ní imíonn mé. Dá ndéanfá liosta de na buntáistí agus míbhuntáis­tí a bhaineann le snámh san fharraige, bheadh liosta na mbuntáistí chomh fada le do lámh agus faic ar an dtaobh eile.

Braitheann sé an-chiúin istigh in uisce an Aigéin Atlantaigh. Ní bhraithim riamh seo socair ionam féin mar a bhraithim agus mé tar éis snámha. Tugann sé faoiseamh dom’ chorp, anam agus cinnte m’intinn.

Cuireann sé i gcuimhne dom líntí filíochta Mháirtín Uí Dhíreáin: “Faoiseamh a gheobhadsa... Ó chrá croí, Ó bhuairt aigne, Ó uaigneas duairc.”

Conas gur thángamar chun an pointe go bhfuil líon na ndaoine atá ag fulaingt de bharr galar intinne agus ag cur lámh ina mbás féin ag leibhéal na heipidéime? 451 duine ar an iomlán a mharaigh iad féin anuraidh. Sin beagnach trí oiread níos mó ná iadsan a cailleadh de bharr timpistí bóithre sa bhliain chéanna (166).

Tá roinnt tréithe na sochaí nuaaimsear­tha nach bhfuil ag cabhrú lenár sláinte intinne i mo thuairim. A Thiarna, an teicneolaí­ocht.

Tá tionchar ollmhór ag teicneolaí­ocht ar ár saol anois. Níl sé ag dul i dtreo maith. Tá sé ar nós bia míshláinti­úil — an iomarca teicneolaí­ochta tá sí olc dúinn. Ó thaobh cúrsaí siamsaíoch­ta tá daoine ag éirí níos leisciúla toisc go bhfuil an oiread san siamsaíoch­t teicneolaí­ochta ar fáil.

Tá an pobal mar institiúid sa tsochaí ag fáil bháis. Tá siamsaíoch­t ar fáil 24 uair an chloig ar an ríomhaire agus toisc seo ní thugann daoine cuairt fhisiciúil ar a chéile mar a dheineadar.

Is féidir grá, cairdeas, siamsaíoch­t a fháil ar líne. Ní gá dul lasmuigh ceithre bhalla do thí. Cad atá níos fearr do d’intinn — imeacht go ceolchoirm, labhairt le daoine, damhsa b’fhéidir, nó fanacht id’ sheomra codlata agus féachaint ar fhíseáin YouTube don oíche?

Féach ar an bhfeiniméa­n is déanaí: “Pokémon Go”. Imrítear an cluiche seo ar ghuthán “cliste”. Séard atá i gceist leis ná go gcaithfear dul amach agus tiocfaidh léarscáil aníos ar do ghuthán. De réir mar a shiúlann tú tiocfaidh tú ar Pokémon. Is féidir iad a ghabháil trí liathróid a chaitheamh orthu.

Ní gá do dhaoine meascadh lena chéile in aon chor chun an cluiche seo a imirt. Is sampla é den tionchar diúltach neamhshóis­ialta atá ag an dteicneola­íocht orainn.

Is sampla iontach “Pokémon Go” de cé chomh hindibhidi­úil, féinriarth­a agus hoileánach is atáimid óna chéile sa saol nuaaimsear­tha. Ní chabhraíon­n an t-aonaránach­as seo leis an “bhuairt aigne” a scríg Ó Direáin faoi.

Measaim go leor dínn, níl uainn sa saol ach teagmháil a dhéanamh le duine eile. Tá go maith, nascann teicneolaí­ocht daoine, ach i slí leisciúil mhíshláint­iúil.

Sampla iontach de seo ná Facebook. Ar an gcéad dul síos, ní leabhar é sa tslí thraidisiú­nta. Is áis é chun comparáid a dhéanamh idir do shaolsa agus saol gach duine eile. Níl sé seo pioc sláintiúil.

Deirimid gur bhris tú suas le duine agus tosnaíonn d’iarpháirtí ag siúl amach le duine éigint nua. Thógfadh sé duine fíorláidir ar fad gan imeacht agus féachaint ar phróifíl an leannáin nua. Is ansan a thosnaíonn an fhéinchain­t dhiúltach phríobháid­each.

Téann an comhrá intinneach beagáinín cosúil le seo: “Ó, a thiarcais, is duine fionn í, b’in a bhí uaidh an t-am ar fad, duine fionn. Féach, is péintéir í. B’in a bhí á lorg aige, duine níos cruthaithí, go maith lena lámha. Ó stop, déanann sí obair charthanac­hta le leanaí faoi mhíbhuntái­ste ag an deireadh seachtaine. Sin a bhí uaidh an t-am ar fad, saghas Máthair Treasa thanaí fhionn chruthaith­each.” Ag an bpointe seo, caitheann tú suas i mbuicéad. An bhfuil d’intinn i staid níos fearr ó thosnaigh tú? Níl.

Measaim go bhfuil tionchar fíorláidir ag uaigneas ar ár sláinte intinne mar dhaoine. B’fhéidir gurb é seo fíoreipidé­imeach na linne seo.

Deirtear nach oileán aonarach an duine agus is fíor é. Deirimid go bhfuil duine ann atá greamaithe i bpátrúin dhorcha. Tá siad ag smaoineamh go diúltach fúthu féin agus a saol. Beidh an-chuid brú agus struis in aigne an duine san. Cabhraíonn comhluadar chun an aigne a thógaint ón ndorchadas seo. Má labhraíonn an duine atá i gcruachás faoina chuid smaointe dorcha le cara, d’fhéadfadh an cara sórtáil tríd na smaointe seo leis. Fiú ag labhairt os ard faoi na smaointe cabhraíonn sé faoiseamh, sólás agus compord a thabhairt don té atá ag fulaingt. Má tá fonn ort aon ní beo a mharú, fág ina aonar é. Go leor daoine a bhí in áit dhorcha is é an caidreamh a bhí acu le daoine móra ina saol, le máithreach­a, aithreacha, páirtnéirí, cairde. a shábháil iad. Is é sin a thóg amach as scáth an dorchadais iad, isteach sa solas.

Tá modh difriúil ag gach duine iad féin a tharraingt amach as an bploda má thosnaíonn siad ag sleamhnú isteach ann. Níl aon mhodheolaí­ocht amháin a oibríonn do gach duine.

Domsa ar aon nós bíonn aclaíocht an-chabhrach, go háirithe snámh farraige.

Tá cumhacht, cneasú agus compord san uisce nach féidir a cheannach ná a thuiscint.

Níl le déanamh ach leas a bhaint as.

Tá sé díobhálach an tslí go bhfuil teicneolaí­ocht lárnach inár saol anois. Freisin cé gur sochaí nua-aimseartha, leanúnach, oscailte é fós bíonn an teoiric ann má tá galar intinne ar dhuine gur theip an duine san i slí éigint. Ceaptar gur duine lag é. Is teoiric é seo a léiríonn easpa tuisceana agus easpa cineáltais. An galar dubh, is casadh eile ar bhóthar an tsaoil é agus cuid nádúrtha den turas. Ar nós cuairteoir chun do thí caithfear aithint nuair atá sé ag fanacht leat. Ar nós gach cuairteora áfach, ní fhanann sé go deo. Lá éigint, féachfaidh tú suas agus beidh an cuairteoir imithe agus mar a dúirt Ó Direáin, faoiseamh a gheobhaidh tú.

 ??  ?? Streachail­t: Triúr réaltaí a labhair go poiblí faoin troid atá acu leis an ngalar dubh: Bressie, Nikki Hayes agus, ar dheis, Ray D’Arcy
Streachail­t: Triúr réaltaí a labhair go poiblí faoin troid atá acu leis an ngalar dubh: Bressie, Nikki Hayes agus, ar dheis, Ray D’Arcy
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland