Irish Independent - Seachtain

Na laochra a spreag mórtas cine ionainn

- GRÁINNE McELWAIN

“Tuilleadh staire do Jason Smyth agus d’Éirinn,” a deir an tráchtaire spóirt tar éis an bhua agus reatha dhochreidt­e ó fhear Dhoire i 10.64 soicind sa rás T13 100m.

Seo an tríú bonn óir as a chéile atá aimsithe aige i dtrí chluiche Pharalimpe­acha dhifriúla — Béising in 2008, Londain in 2012 agus Rio in 2016. Luaigh sé tar éis an rása go bhfuil sé ar intinn aige dul go Tóiceo in 2020 agus ní bheidh mórán ag maíomh nach gcuirfeadh sé leis an bhailiúchá­n ann.

Thiocfadh leat an rud céanna a rá faoin lúthchleas­aí ó Aontroim Michael McKillop a léirigh an-charachtar chun an rás T37 1500m a bhaint. Seo an dara huair as a chéile atá bonn óir sa 1,500m buaite aige ó cuireadh tús leis i Londain in 2012.

Tuilleadh

Mar eolas, ghnóthaigh sé a chéad bhonn, ceann óir, sa rás 800m i mBéising agus thuill sé tuilleadh ceithre bliana ina dhiaidh sin i Londain, ag buachan na rásaí 800m agus 1,500m.

Rinne McKillop dianiarrac­ht sa rás 1,500m mar bhí air bearna a chruthú idir é féin agus Liam Stanley as Ceanada sa 250m deireanach.

“Bhí an bua seo thar a bheith speisialta dom, go háirithe tar éis am doiligh a bhí agam le déanaí,” a dúirt Michael i ndiaidh an rása.

Níor stopadh na boinn ansin ach an oiread, le hEoghan Clifford ag leagan a loirg ar an rothaíocht ag baint bonn créumha agus is mór an scéal é go háirithe mar nár thosaigh sé an spórt go dtí dhá bhliain ó shin. Comhghaird­eas leo uilig.

Le ceithre lá le dul sula dtiocfaidh deireadh leis na cluichí, tá seans fós ag iomaitheoi­rí na hÉireann tuilleadh bonn a aimsiú.

Inniu feicfear na comórtais seoltóirea­chta, rothaíocht­a, para-chanú chomh maith le lámhach raidhfil. Tabharfaid­h an Corcaíoch Patrick O’Leary aghaidh ar na babhtaí leathchean­nais i gcomórtas para-chanú. Aithníodh para-chanú mar chuid de na Cluichí Paralimpea­cha den chéad uair i mbliana.

Óige

Is sna babhtaí den rás SB8 snámh brollaigh 100m a fheicfimid Ellen Keane tráthnóna inniu. In aois na hóige a bhí sí i mBéising nuair a ghlac sí páirt den chéad uair agus í 13 bliana d’aois. Ba chuma fúithi faoin aois ag an am, áfach, mar chríochnai­gh sí sa séú háit. Bhain sí áit amach i dtrí bhabhta ceannais i Londain ceithre bliana ó shin chomh maith agus mar sin tá neart taithí aici. Beidh muid uilig ag súil go bhfeicfidh muid í níos moille san oíche anocht sa bhabhta ceannais timpeall leathuair tar éis a naoi am na hÉireann. Guímid gach rath ar na hiomaitheo­irí ar fad.

 ??  ?? Éachtaí: Jason, ar chlé, agus Michael
Éachtaí: Jason, ar chlé, agus Michael
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland