Irish Independent - Seachtain

An cluiche mór mar a bhíodh

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Níl fágtha de chluichí móra na bliana seo ach aon cheann amháin, Cluiche Ceannais na Peile idir Áth Cliath agus Maigh Eo. Beidh os cionn ceithre scór míle duine i láthair óna trí a chlog ar aghaidh agus fearfar mórfháilte roimis na himreoirí nuair a réabfaidh siad mar leoin amach ar an bhfaiche imeartha an Domhnach seo chugainn.

Beidh torann ón gceol, beidh garda onóra de dhaoine óga ag luascadh brat mar aon leis na daoine ‘ar an gCnoc’ agus sna hionaid máguaird. Beidh méadú suntasach ag teacht ar dhraíocht na hócáide le teacht gach neomat.

Beidh breis and céad liathróid peile ar a suaimhneas ar an bhféar go dtí go dtiocfaidh na gaiscígh ina dtreo chun críoch a chur lena n-ullmhúchán do ‘Sheachtó Neomat an Bhreithiún­tais’.

Cuirfear fáilte roimh an Taoiseach agus in am trátha roimh Uachtarán na hÉireann a shiúlfaidh i dteannta Uachtarán CLG ar chairpéad dearg amach ar an bpáirc chun casadh leis na himreoirí.

Ní fada ansin go dtí Amhrán na bhFiann, an liú a leathann go doimhin thar lear, an pharáid agus an breithiúnt­as.

Sin mar atá na laethanta seo agus amhail gnéithe eile de nósmhairea­chtaí an tsaoil is mór idir é agus na tréimhsí atá gafa thar bráid.

Is cuimhin liom agus go leor eile an t-am nuair ná bíodh mórfhuadar faoi na himreoirí ag teacht amach ar an bpáirc. Go deimhin ba chosúla a dteacht le spaisteoir­eacht ná aon ghluaiseac­ht eile.

Ní bhíodh radharc de liathróid peile go dtí go mbogadh duine uasal, gléasta i gcóta eireabaill agus hata ard, peil á hiompar aige i dtreo an réiteora agus an seisear déag imreoirí a bheadh fairis i lár na páirce.

Bhaineadh an fear uasal ceann scríbe amach ar a shuaimhnea­s agus bhronnadh sé an pheil ar an réiteoir roimh fhilleadh go dtí a ionad féin.

Ní rabhthas réidh fós do thús na himeartha más ea. Bhí aon mhír amháin eile fágtha. Thiteadh ciúnas na reilige ar Pháirc an Chrócaigh chomh luath agus a thógadh an tArd-Easpag agus Uachtarán CLG truslóg nó dhó amach ar an bpáirc.

Canadh Creideamh Ár Sinsear agus turas gairid a bhíodh ann ansin go lár na páirce, áit ina mbíodh an bheirt chaptaen ag feitheamh. Le feacadh glún phógadh an bheirt fáinne méire an easpaig.

Ní bhíodh fágtha le déanamh ansin ach an pheil a chaitheamh isteach agus ag an easpag a bhíodh an phribhléid.

B’in tús an ruaille buaille agus ní i gcónaí go mbíodh ‘saorthaist­eal’ ag an easpag ar an mbealach go dtí dídean an ardáin.

Sin mar a bhíodh — slán beo leis an tseana-aimsir.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland