Pobal na Gaeltachta ag tacú le drioglann fuisce
Tá pobal Gaeltachta atá á scrios ag an imirce tar éis tús a chur le feachtas chun tacú le bunaitheoirí drioglann fuisce atá ag iarraidh 60 post a chruthú.
Thug an Chomhairle Contae cead Shliabh Liag a thógáil taobh amuigh do Margaret Cunningham agus do den Charraig i gContae Dhún na nGall James Doherty, beirt imirceach atá tar níos luaithe i mbliana. éis filleadh ar Éirinn, chun Drioglann Ainmníodh an áit i ndiaidh na n-aillte cósta atá in aice láimhe, na haillte cósta is airde san Eoraip.
Ach chuir an Taisce an t-iarratas pleanála le haghaidh na drioglainne ar aghaidh go dtí an Bord Pleanála agus dúirt “nach bhfuil údar léi” mar “nach bhfuil baint aici le haon ionad lonnaíochta reatha”. Spreag an cinneadh fearg mhór. “Tá an pobal áitiúil thar a bheith míshásta faoin achomharc,” a dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta Margaret Cunningham. “Tá muid ag déanamh iarrachta an chéad uisce beatha ó Dhún na nGall le 170 bliain a bhunú agus poist a chruthú.”
Cuairteoirí
Níor cuireadh isteach ach dhá agóid áitiúla.
Dúirt an comhairleoir áitiúil Niamh Kennedy: “Cuirfidh sí leis an turasóire- acht sa cheantar le hionad do chuairteoirí a dhéanfaidh cur síos ar stair an uisce beatha ar an suíomh is áille déarfainn ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
“Is ionann 60 post anseo agus 600 post i mBaile Átha Cliath.”
Bhain dhá agóid áitiúla le truailliú torainn agus le tranglam tráchta a d’fhéadfadh tarlú.
Tá tacaíocht ag Margaret ó Oliver Hughes, a d’oscail Drioglann an Daingin.