Irish Independent - Seachtain

Ag léam Céard é scléaróis iolrach?

Léamhatón a ag tosú ar fud na tíre

- Le Katie McGreal

Beidh an Léamhatón Scléaróise Iolraí (SI) ar siúl den 29ú bliain as a chéile i mbliana — tosóidh sé ar an 7 Deireadh Fómhair.

Iarrtar ar na rannpháirt­ithe an méid is mó leabhar atá siad in ann a léamh a léamh idir an dáta sin agus an 7 Samhain.

Faigheann na rannpháirt­ithe urraíocht ó chairde agus ó dhaoine muintearth­a leo agus téann an t-airgead ar fad a bhailítear go dtí SI Éireann ionas gur féidir leo seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt de bharr an ghalair scléaróis iolrach.

Feachtas

Dírítear an feachtas seo go príomha ar bhunscoile­anna toisc gur spreagadh maith é do na múinteoirí iarraidh ar na daltaí tuilleadh a léamh, ach tá fáilte roimh aon duine a bhfuil suim acu sa Léamhatón páirt a ghlacadh ann.

Anuraidh bhí 462 scoil páirteach ann — 1,300 múinteoir agus thart ar 15,000 páiste. Agus chláraigh idir 600 agus 700 duine don Léamhatón ón mbaile.

“Is bunscoilea­nna iad thart ar 85% de na scoileanna a ghlacann páirt sa Léamhatón,’” a deir Paul Dietrich, bainisteoi­r an Léamhatóin, “agus is meánscoile­anna iad an chuid eile. Glacann an chéad agus an darna bliain sa mheánscoil páirt ann den chuid is mó, ach is féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh ann.”

Chuireadh tús leis in 1988. Sheol an scríb Roald Dahl (ar dheis) an chéad Léamhatón, agus chuir Mary Richardson tús leis an smaoineamh in Éirinn.

Bhí léamhatón den chineál sin ag dul ar aghaidh san Astráil ag an am.

Maith

“Is rud maith é an léamh,” a deir Paul, “agus is maith an rud é más féidir linn spéis sa léitheoire­ach spreagadh i bpáistí chruinniú ag an am c

s an Léamhatón bhneoir cáiliúil n ht a agus airgead a céanna.” Thosaigh Paul ag obair le SI Éireann 10 mbliana ó shin, tráth ar bhailigh SI Éireann corradh is €1 mhilliún leis an Léamhatón. Thit na figiúirí go mór ó shin — anuraidh fuair siad €500,000, méadú ón mbliain roimhe nuair a fuair siad thart ar €420,000. Bhí titim ar líon na bpáistí a bhí páirteach ann freisin. “Thit airgead a bhailigh gach carthanach­t ag an am céanna,” a deir Paul. “Thosaigh an titim in 2008. Tharla an cúlú eacnamaíoc­hta agus na scannail faoi na carthanach­taí ag an am céanna.”

Bíonn roinnt feachtais bailithe airgid ar siúl ag SI Éireann gach bliain, idir shiúlóidí, mhaidineac­ha caifé, dhíolachái­n agus mar sin de ach is é an Léamhatón an t-imeacht is mó a bhíonn acu gach bliain.

“Faighimid thart ar an méid céanna airgid ó na himeachtaí eile le chéile ach is é seo an ceann aonair is mó,” a deir Paul.

Cá dtéann an t-airgead?

Téann an t-airgead a bhailíonn an Léamhatón go SI Éireann le seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine in Éirinn a bhfuil an galar scléaróis iolrach orthu.

Tá 9,000 duine in Éirinn ag fulaingt de bharr an ghalair sin.

Tá ionad faoisimh agus teiripe ag SI Éireann i mBaile Átha Cliath do dhaoine a bhfuil SI orthu. Tá 12 leaba ann agus déantar measúnú ar dhaoine agus bíonn neart imeachtaí sóisialta ar siúl freisin.

Déanann SI Éireann go leor taighde faoin ngalar chomh maith le taighde sóisialta faoin mbealach a gcuireann sé isteach ar shaol daoine. Tá thart ar 40 ionad deonach de chuid SI Éireann timpeall na tíre. Cuireann siad tacaíocht ar fáil do dhaoine agus do chlanna ina gceantar féin. Tá SI Éireann ag iarraidh seirbhísí, tacaíocht agus beartais a bhaineann le daoine a bhfuil scléaróis iolrach orthu a fheabhsú chomh maith.

Tá uimhir thacaíocht­a á reáchtáil ag SI Éireann d’aon duine atá ag lorg tacaíochta, eolais nó rud ar bith eile a bhaineann leis an ngalar. Bíonn an uimhir — 1850 233 233 — ar oscailt ó Luan go hAoine idir a 10rn agus a 2in.

Tá SI Éireann ag iarraidh go mbeidh gach duine ar a bhfuil SI in Éirinn in ann saol maith, dearfach agus gníomhach a bheith acu in Éirinn.

 ??  ??
 ??  ?? Sláintiúil: Bíonn an-dúil ag daltaí bunscoile sa Léamhatón
Sláintiúil: Bíonn an-dúil ag daltaí bunscoile sa Léamhatón
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland