Irish Independent - Seachtain

Cláir TG4 ainmnithe do 13 ghradam IFTA

- Le Naoise Ó Caireallái­n

Tá TG4 ag ceiliúradh tar éis gur ainmníodh cláir leo do 13 ghradam ag Gradaim IFTA.

Tá trí ainmniúchá­n faighte ag Eipic sna catagóirí Leanaí agus Daoine Óga, Stiúrthóir (Louise Ní Fhiannacht­a) agus Cláir Ghaeilge.

Tá dhá ainmniúchá­n faighte ag Ros na Rún — príomhshra­ith dhrámaíoch­ta an stáisiúin atá 21 bhliain ar an fhód i mbliana agus atá ar cheann de na cláir is mó tóir ar TG4.

Ainmníodh Bás Nó Saoirse don ghradam don tSraith Faisnéise Is Fearr. Ainmníodh Nuacht TG4 i gcatagóir na Nuachta. I measc na gclár a ainmníodh sa chatagóir Cláir Ghaeilge tá An Klondike, Fleadh TV agus sobalchlár an chainéil, Ros na Rún.

Tá Crainn na hÉireann, sraith clár ina dtéann Manchán Magan timpeall na hÉireann ag aithint na gcrann dúchasach, ainmnithe le haghaidh an ghradaim Sainchlár Fíorasach.

Tá dhá léiriúchán de chuid TG4 ainmnithe le haghaidh gradaim i gcatagóir na Fuaime; Hup agus Deoch an Dorais.

Ainmníodh láithreoir TG4, Máire Treasa Ní Dhubhghail­l (ar dheis), le haghaidh ghradam IFTA sa chatagóir Réalta Teilifíse Nua Gala. Thréaslaig­h an tArdStiúrt­hóir, Pól Ó Gallchóir, leis na daoine a ainmníodh. “Tá ainmniúchá­in faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA gach bliain ó tháinig muid ar an aer,” a dúirt sé. “Léiriú ar chaighdeán uathúil agus nuálaíoch TG4 a bheith ainmnithe sna catagóirí céanna le roinnt den ábhar teilifíse Béarla is fearr dá bhfuil ann, léiriú a thagann leis an aiseolas rialta a fhaighimid ón lucht féachana agus ó léirmheast­óirí.”

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland