Irish Independent - Seachtain

Buanna breise ag mná Átha Cliath i mbliana

- GRÁINNE McELWAIN

Cad a chaithfidh tú a dhéanamh chun Corcaigh a bhualadh? Sin an cheist a bhí ag lobhadh ar intinn bhainisteo­ir Átha Cliath Gregory McGonigle le trí bliana anuas.

Feicfimid Dé Domhnaigh an bhfuil réiteach na faidhbe aige nuair a chasfaidh a fhoireann Áth Cliath leis na seaimpíní i mbabhta ceannais peile na mban den tríú bliain as a chéile.

Thiocfadh leat a rá nach bhfuil an stair ró-chineálta d’Áth Cliath. Ba chóir go mbeadh an bua acu in 2014 agus iad deich gcúilín chun cinn le cúig bhomaite dhéag fágtha ar an chlog. Ach ní raibh.

Breise

Anuraidh bhí deiseanna acu ach bhí Corcaigh níos fearr. Ach, cad iad na rudaí breise atá ag Áth Cliath i mbliana mar sin?

Ar dtús báire, tá Sinéad Aherne ar ais leo tar éis bliain saor a thógáil anuraidh chun dul ag taisteal.

Is cinnire mór í Aherne d’Áth Cliath a bhfuil bonn Uile-Éireann aici ó 2010 agus is í a aimsíonn formhór na scóranna. Rud atá gan dabht tugtha faoi deara ag Ephie Fitzgerald. In aghaidh Dhún na nGall sa bhabhta ceathrú ceannais, scóráil sí 1-6, 1-3 ón imirt, agus in aghaidh Mhaigh Eo sa chluiche leathchean­nais, chuir sí an cic saor deireanach thar an trasnán chun bua cúilín a thabhairt do mhná na cathrach. Chríochnai­gh sí le 2-6 as 2-10 an lá sin chomh maith le gradam laoch na himeartha.

Tá tosaithe den scoth ag Áth Cliath leis an líne lántosaigh de Aherne, Niamh McEvoy agus Lyndsey Davey ar fheabhas.

Go dtí seo, tá ardchaighd­eán feicthe againn ó na tosaithe, le Noelle Healy go háirithe ag déanamh obair na gcapall ar fud na páirce. Ról atá ag Ciarán Kilkenny le foireann na bhfear.

Ach tá ceist agam faoin meon s’acu agus an dóigh go ligeann siad d’fhoirne teacht ar ais sna cluichí. Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan Sóisir: Aontroim v an Longfoirt @11.45 Idirmheána­ch: An Clár v Chill Dara @13.45 Sinsir: Áth Cliath v Chorcaí @16.00 Dé Domhnaigh, Páirc an Chrócaigh. Beo ar TG4 ó 11.40

Thig leat dul siar go 2014 ach i mbliana in aghaidh Mhaigh Eo sa bhabhta leathchean­nais, phreab siad amach ó na gaistí ach stop siad ag imirt ag leath-am. Bhí siad 2-8 le 0-6 chun tosaigh ag tús an dara leath agus níor aimsigh siad ach dhá phointe eile idir sin agus deireadh an chluiche.

Fadhb

Is fadhb mhór í don fhoireann seo agus feicfimid Dé Domhnaigh an féidir leo imirt thar an seasca nóiméad agus an gcreideann siad féin go bhfuil siad in ann Corcaigh a bhualadh. Má tá freagra dearfach air sin beidh an bua ag Áth Cliath ach mar a luaigh an t-iriseoir Jackie Cahill liom ag seoladh pheil na mban i mbliana: “Is beag duine a bheas ag dul in aghaidh na foirne eisceachtú­la seo as Corcaigh”.

 ??  ?? Laoch na himeartha: Sinéad Aherne i ndiaidh an chluiche leathchean­nais
Laoch na himeartha: Sinéad Aherne i ndiaidh an chluiche leathchean­nais
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland