Irish Independent - Seachtain

Cluiche aisteach ach iontach

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Ní mór dom a rá i dtús báire gur bhaineas ana-thaitneamh as Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Ar eagla go bhfuil daoine ag léamh an ailt seo anois atá tar éis filleadh ó chúrsa spriodálta ina raibh bac ar aon tagairtí do chúrsaí an tsaoil seo, fógraím gur Áth Cliath agus Mhaigh Eo a bhí san iomaíocht ar an Domhnach beannaithe sin trí lá ó shin.

Ins na laethanta agus seachtainí a chuaigh roimhe bhí sé á rá go coitianta go raibh séala ‘do-chloíte’ le sonrú i bpearsana na nDubanna. Bhí béim á leagadh ar an bhfíric go raibh trí cinn de Chraobhach­a Uile-Éireann buaite acu ó 2011 anall agus ceithre cinn de Chraobhach­a Sraithe as a chéile.

Ní hamháin san ach bhí tuairimíoc­ht bhreise ag fógairt go raibh neart ionadaithe ar fáil dóibh a bhí inchurtha leis na gaiscígh a bhí roghnaithe le tosnú sa mhórchluic­he.

Bhí ‘Mo Thrua Iad Maigh Eo’ le clos go forleathan agus ní raibh dabht ná go raibh an teideal ‘rogha na coitiantac­hta’ tuillte go maith ag gaiscígh na hardchathr­ach.

Is cinnte go raibh an t-eolas sin uilig cloiste ag Jim Ó Gaibhín, bainisteoi­r Átha Cliath, agus ag na himreoirí a bhí faoina chúram. Is cinnte freisin gurb eol dóibh nach ndéanfadh a leithéid de chur síos aon mhaitheas dóibh ar an lá mór agus go mb’fhéidir go raibh baol ag baint leis.

Bhí buntáiste ag Maigh Eo de bharr na cainte sin uilig. Ní raibh fiú unsa de bhrú orthu agus dá bharr dhíríodar ar ‘an gcath’ go misniúil agus go bríomhar.

Ó thaobh comparáide idir an cluiche a d’eascair trí lá ó shin agus cluichí ina raibh ardfhiúnta­s peile ag baint leo, is baolach go mbeadh an ceann atá faoi chaibidil againn go híseal ar an dréimire.

Bhí botúin agus tuaiplisí ag baint leis; d’imigh scair de phasanna ar strae; ligeadh deiseanna maithe scórála le sruth, bhí roinnt mhaith de dhí-shealbhú le sonrú agus iontas na n-iontas cláraíodh dhá chúl do Áth Cliath mar thoradh ar teangmháil na peile le ‘cosa’ ó Mhaigh Eo.

D’fhéadfadh sibhse a rá mar sin gur aisteach é go ndúras i dtús an ailt gur bhaineas ana-thaitneamh as an gcluiche. Is dóigh liom go bhfuil sé sin fíor i dtaobh formhór des na daoine a bhí i láthair agus tuigim a ndearcadh. Bhí aiteas ag baint leis an ócáid ón dtús. Nach raibh ana-ghluaiseac­ht faoin imirt ó cheann ceann na páirce? Bhí luas agus ard-dúthracht ag baint leis.

Agus mar focal scoir, nach raibh an t-atmaisféar go tréan ó éirí na gréine go dtí go raibh ‘Ár bPáirc Dhraíochtú­il’ tréigthe agus cuí arís do Phlancstaí na bhFaoileán?

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland