Irish Independent - Seachtain

Tá Sam i lámha Chiarraí!

An Ríocht abú: Níor éirigh le Baile Átha Cliath ná Maigh Eo Corn Sam Mhig Uidhir a thabhairt leo Dé Domhnaigh — ach d’éirigh leis an Chiarraíoc­h Dáithí Ó Sé a lámha a fháil ar an chorn chlúiteach i bPáirc an Chrócaigh. Tá an cluiche ceannais eachtrúil sin

- DÁITHÍ ÓSÉ

Bhíos agus táim sna páirceanna móra an tseachtain seo agus is dóigh liom go mbeidh feirmeoirí Mhaigh Eo sásta go maith ag fágaint an dá pháirc! Dé Domhnaigh bhíos ag obair i bPáirc an Chrócaigh, rud a dheinim go minic. De ghnáth is iad Ciarraí a bhíonn ann ach ní raibh an uair seo.

Bhí an chuma chéanna ar an lá agus a bhí bliain ó shin. An áit lán le daoine agus dathanna agus ag 3.30in tháinig an bháisteach. Ach bhí rud éigin difriúil. Fé mar a fuair Enda Kenny a mhójó ar ais an tseachtain seo bhí sé soiléir go raibh sé faighte ag an gcontae ar fad!

Fiú nuair a tháinig an dá fhoireann amach ar an bpáirc ag an am gcéanna, bhí sé tosnaithe. Bhí maor taobh línte ag seasamh in aice liom agus dúirt sé ‘go mbeadh tráthnóna gnóthach acu’ agus bhí!

Dá mbeadh fiche réiteoir ann bheadh jab acu i gcaitheamh an tráthnóna.

Bhí ana-chaint ar na Dubs roimh an gcluiche agus den gcéad uair ní raibh éinne ag caint ar Mhaigh Eo. Ní raibh Maigh Eo ag caint ar Mhaigh Eo agus níl fhios agam ar tharla sé sin riamh cheana!

Ach bhí ‘Eoin Goal’ ag imirt do Bhaile Átha Cliath sa chéad leath agus dhein sé scrios! Bhí caint ar an mallacht seo ó 1951 agus bhí sé seo míle uair níos measa.

Mar dhuine neamhspleá­ch, bhaineas ana-thaitneamh as mar chluiche, cé go raibh botúin mhóra agus bheaga ar an ndá thaobh agus is foirne difriúla a bheidh ann an chéad lá eile.

An cheist atá i mbéal gach éinne — ar chaill Maigh Eo an seans? Ní dóigh liom é. Tógfaidh Maigh Eo níos mó as ná Bleá Cliath.

An pháirc eile a bhfuileas ag caint faoi an tseachtain seo, bhuel is páirc ollmhór í seo cúpla míle taobh amuigh don dTulach Mhór in Uíbh Fháilí. Anois cár fhágas mo chéachta agus mo chapall?

Táim anseo i dtigh Lidl agus má bhíonn sibh timpeall gaibh chugham. Is breá an fhéile í agus d’éinne ná raibh riamh anseo is deacair a mhíniú chomh mór is atá sí.

Sea, bhíonn ár bhformhór ag obair ach nuair a bhíonn an lá istigh bíonn oíche go maidin ann.

Pé scéal é táimid ar ais ar scoil an tseachtain seo chugainn leis an Today Show agus deireadh ag teacht leis an bhfánadóir­eacht!

 ??  ??
 ??  ?? Duais: Dáithí le Corn Mhig Uidhir Dé Domhnaigh — agus shíl sibh nár bhuaigh Ciarraí i mbliana!
Duais: Dáithí le Corn Mhig Uidhir Dé Domhnaigh — agus shíl sibh nár bhuaigh Ciarraí i mbliana!
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland