PRÓIFÍL LEATHANACH 2
CILLIAN O’CONNOR CAPTAEN MHAIGH EO
Is laoch na seachtaine seo é Cillian — ach an mbeidh sé ina laoch i gceann coicíse? Le 30 soicind fágtha ar an chlog bhí Cillian O’Connor ar thús cadhnaíochta leis an chúilín dheireanach in am breise. Sheas an fear óg as Baile an Tobair an fód ar son a fhoirne agus a chontae. Is beag bó a bhlífear i Maigh Eo an tseachtain seo. Agus is beag pionta a ólfaidh an fhoireann, mar tá cath eile os a gcomhair seachtain ón Satharn. Ghlac sé an cúilín sin in am breise — caithfidh gur fear an-aclaí é mar sin? Muise, sea — sa chorp agus sa chloigeann. Tá Cillian ag dul do Mháistreacht san Aclaíocht agus sa tSíceolaíocht Spóirt in Ollscoil Uladh. Beidh sé ina chuidiú mór dó agus don fhoireann ar fad agus iad ag ullmhú a n-intinne don chluiche i bPáirc an Chrócaigh. Níl chreidfeadh fear léinn mar Chillian i mallachtaí mar sin? 1951 an bhliain dheireanach a bhuaigh Maigh Eo Craobh na hÉireann, cé gur bhain siad an cluiche ceannais amach ocht n-uaire. De réir na bhfinscéalta, ní bhainfidh siad Craobh na hÉireann go dtí go bhfaigheann achan dhuine ón fhoireann sin bás. Fad saoil don bheirt atá go fóill beo, deir lucht Bhaile Átha Cliath (agus muintir Mhaigh Eo ar ndóigh!). Gach seans nár chreid Cillian na pisreogaí sin go dtí gur scóráil Maigh Eo dhá chúl, ina n-eangach féin! Bhuel, bua nó bás, beidh lá iontach eile san ardchathair ag muintir Mhaigh Eo, nach mbeidh? Má thugann siad carr leo, beidh. Beidh oibrithe bus ar stailc ar lá na hathimeartha ach beag an baol go gcuirfidh sin stop ar thaoide ón iarthar! Tá siad ag fanacht 65 bliana ar an lá seo! An dtiocfaidh deireadh le Gorta na Craoibhe mar sin? Ní de réir Paddy Power. Is iad Baile Átha Cliath rogha na coitiantachta ar 4/11 — agus Maigh Eo ag 2/1. Ach ní i gcónaí a bhíonn na geallghlacadóirí ceart, ar ndóigh.
— NAOISE Ó CAIREALLÁIN