An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2016
Thosaigh an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta inné. Tá sé ar siúl sa Screagán, lasmuigh den Tulach Mhór. Is ócáid mhór í i saol na feirmeoireachta. Bailíonn na sluaite, idir óg agus aosta, ag an gcomórtas chun na seastáin iontacha a fheiceáil agus chun na treabhdóirí a fheiceáil freisin. Bíonn gach saghas ruda ar taispeáint ann: tarracóirí, carranna, ealaín agus ceardaíocht, bia de gach saghas, seodra, troscán don ghairdín, cócaireacht agus araile. Agus i bpáirceanna taobh leis na seastáin bíonn na comórtais ar siúl. Bíonn an sean-chéachta in úsáid chomh maith leis na céachtaí móra atá le feiceáil ar na bóithre tuaithe gach aon lá, ag an am seo den bhliain. Nuair a bhíonn an t-arbhar, an chruithneacht nó an eorna bainte, tosaíonn na feirmeoirí ag ullmhú na talún don bharra nua a chuirtear san ithir. Mar sin, is gá an talamh a threabhadh agus a leasú chun go mbeidh sé réidh do na síolta. Rotha mór an tsaoil! Ach conas a rinneadh an obair seo fadó? Is le capaill a rinneadh an treabhdóireacht in Éirinn, fadó. I 1952 bhí 286,000 capall ag obair ar fheirmeacha in Éirinn ach i 1975 bhí na huimhreacha sin tite go níos lú ná 4,000. Cén fáth, meas tú? Bhuel, tháinig Henry Ford agus Harry Ferguson ar an bhfód le tarracóirí chun an obair chrua a dhéanamh in ionad na gcapall. Chun acra talún a threabhadh le capall bhíodh ar an bhfeirmeoir 11 mhíle a shiúl! Céachta aonbhoise a bhíodh ar dtús ar na seantarracóirí ach ansin tháinig céachta le trí bhos air. Nach tapa a bhí na feirmeoirí ag treabhadh na páirce ansin? Ach anois feictear na tarracóirí mór ar na bóithre. Bíonn aerchóiriú agus cathaoir chompordach iontu. Tá céachta mór groí á tharraingt acu ar féidir leis ocht n-iomaire, ar a laghad, a dhéanamh. Is féidir leis na feirmeoirí obair a thóg cúpla seachtain le déanamh fadó, a dhéanamh in aon lá amháin. Bíonn gach rud ag fás agus ag forbairt.