Irish Independent - Seachtain

Buaeilei ndándona Laighnigh

- GRÁINNE McELWAIN

Trí bhabhta imithe agus 19 le dul sa tsraith rugbaí Pro12 agus is iad na cluichí idir Cúige Uladh agus Glaschú agus Cúige Laighean in aghaidh na Ospreys a sheasann amach san oíche Dé hAoine.

Faoi láthair, is ar bharr an tábla atá na hUltaigh tar éis buanna in aghaidh na Dragons 29-8, Benetton Treviso 22-11 agus na Scarlets 19-8.

D’aimsigh Glaschú 74 phointe ina mbua thar an dá chluiche in éadan Chúige Chonnacht agus Chúige Laighean ach ní raibh mórán ag súil lena gcailliúin­t in aghaidh Caerdydd an tseachtain seo caite.

Faraor, níl mórán tairbhe bainte ag Cúige Uladh as a gcuid turas go Scotstoun le trí bliana anuas — ag cailliúint achan uair ann — ach ba chóir go mbeadh sárchluich­e againn anseo.

San oíche chéanna, feicfear Cúige Laighean agus na Ospreys ag imirt. Taobh amuigh den chailliúin­t sin in aghaidh RUGBAÍ PRO12 Dé hAoine: Glaschú v Chúige Uladh, Scotstoun @19.35 Cúige Laighean v Ospreys @19.35 Dé Sathairn: An Mhumhain v Dhún Éideann @15.00 Scarlets v Chúige Chonnacht @19.35 Ghlaschú, tá Cúige Laighean tar éis an lámh in uachtar a fháil ar Treviso le bua maith an tseachtain seo caite in adharca Dhún Éideann 33-20.

Taispeánta­s

Sheas lár na páirce amach dóibh, go háirithe taispeánta­s Noel Reid agus Joey Carbery ag uimhir a 10 atá tar éis socrú isteach agus déileáil go maith leis an mhéid cainte faoi ó thosaigh sé san áit sin i mbliana.

Bhuaigh Cúige Laighean an cluiche seo dhá bhliain as a chéile, agus é de chumas iontu é a dhéanamh arís.

Beidh Cúige Mumhan sa bhaile in aghaidh Dhún Éideann leis na Scarlets ag cur fáilte roimh Cúige Chonnacht, agus an dá chluiche sin ar siúl Dé Sathairn.

 ??  ?? Sárthaispe­ántas: Scórálann Joey Carbery cic éirice in aghaidh Ghlaschú an mhí seo
Sárthaispe­ántas: Scórálann Joey Carbery cic éirice in aghaidh Ghlaschú an mhí seo

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland