Irish Independent - Seachtain

An mhallacht thart in am don athimirt!

-

Bhuel d’fhágas sibh an tseachtain seo caite agus mé i lár an Chomórtais Treabhdóir­eachta in Uíbh Fháilí agus is ann a thosnóidh mé an uair seo. Ní raibh an píosa eile ach seolta ar aghaidh agam chuig an nuachtán nuair a tháinig an nuacht is mó a bhí cloiste agam le fada chugam!

Bhíos ag obair le Lidl i rith an chluiche ceannais agus bhíos ar an stáitse agus cad é an chraic a bhí agam leis an slua agus mé ag piocadh ar mhuintir Mhaigh Eo.

Bhí ag teacht is amach chugam i gcaitheamh an lae go raibh an deis caillte acu nuair a bhéic bean orm gur ‘mallacht Mhaigh Eo’ a bhí ann — seo an mhallacht a théann siar go 1951 a dúirt ná raibh Maigh Eo chun Craobh na hÉireann a bhuachaint go dtí go raibh gach duine a bhí ag imirt an lá sin fén bhfód.

Dúirt sí go mbaineann an mhallacht seo leis an nDomhnach agus le mí Mheán Fómhair a dúirt sí — agus tá an athimirt ar Shatharn agus i mí Dheireadh Fómhair, dá bhrí sin tá an mhallacht seo imithe!

Bhuel, bhí gáire maith againn le chéile ach ar mo leabhar ní raibh an bhean seo ag magadh. Caithfimid fanacht! Má bhuann Baile Átha Cliath is mallacht de shórt eile a bheith orthu.

Nuair a bhí mo chuid déanta ag treabhadh thugas m’aghaidh in athuair ar Pháirc an Chrócaigh agus an uair seo i gcomhair cluichí ceannais i bpeil na mban.

Tá sé ráite agam cheana ach is dóigh liom go bhfuil sé seo ar cheann dos na laethanta is fearr liom ann.

I mbliana bhíodar ag iarraidh curiarrach­t a bhriseadh. Sa bhliain 2001 le Maigh Eo agus Contae Laoise ag imirt tháinig 33,000 duine chun an cluiche a fheiscint agus in 2016 bhíodar ag iarraidh níos mó ná sin, agus d’éirigh leo. 34,445 an méid a bhí ann ar an nDomhnach!

Ní raibh an cluiche gan chonspóid. Dealraíonn sé go bhfuair Baile Átha Cliath pointe agus dúradh go ndeachaigh an liathróid amú agus ní mó ná sásta a bhí a lucht leanta!

Taobh amuigh de sin is iad na Corcaígh a tháinig amach ar barr agus iad ag baint séchraobha­sachéile.

Bhí trua agam do Bhaile Átha Cliath. Seo an tríú babhta a bhíodar le Corcaigh agus is ó dheas a chuaigh an corn gach uair. B’fhéidir go bhfuil mallacht orthu!

Pé scéal é táimid fhéin thar n-ais i gCorcaigh le Today, sea, tá an geimhreadh tagtha i gceart anois!

 ??  ?? An lá is fearr sa bhliain: Dáithí ag cluiche ceannais pheil na mban
An lá is fearr sa bhliain: Dáithí ag cluiche ceannais pheil na mban
 ??  ?? Fear tuaithe: Dáithí agus a bhuataisí ag an gComórtas Treabhdóir­eachta
Fear tuaithe: Dáithí agus a bhuataisí ag an gComórtas Treabhdóir­eachta

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland