Irish Independent - Seachtain

25 bliana agus ag fás Bunaíodh Meánscoil Feirste gan pingin rua ó na húdaráis, ach anois tá sé ina choláiste le 600 scoláire

-

Fómhair 1991 chuir siad tús leis an scoil le naonúr scoláirí. Bhi beirt mhúinteoir­í buana acu agus cupla muinteoir eile ag teacht isteach leis na habhair eile a mhúineadh."Fuaireamar neart cuidithe ó na hinstituid­i thart orainn agus ó na tuismitheo­iri," a deir Fergus, a bhí mar dhuine den bheirt mhúinteoir­í sa scoil agus a bhí mar phriomhoid­e. Sa dara bliain den scoil, thosaigh 17 scolaire agus sa tríú bliain, thosaigh 36 scolaire

Seilbh

De reirmar a d’fhás líon na scoláirí bhíorthu an foirgneamh a athrú. "Piosa ar phíosa ghlac muid seilbh ar an fhoirgneam­h ar fad,” a dúirt Fergus. Bhi leath an bhunurláir go fóill ag angCaife glas agus an Cheathrú Póilí ach baleis an scoil an chuid eile den áit. "Fuaireamar tuairiscí maithe ó na cigirí ar fad a tháinig chugainn,” a deir Fergus.

De réir mar a d’fhás an scoil bhí foirgneamh níos mó agus níos feiliúnaí ag teastáil acu. D’aistrigh siad go seanospidé­al sa bhliain 1999 agus is ansin atá siad lonnaithe ó shin.

Tá neart oibre ag dul ar aghaidh ar an bhfoirgnea­mh sin anois. Nuair a thosaigh siad bhí spás ann do 340 scoláire. Tá os cionn 600 scoláire acu anois. Faoin am a mbeidh an obair ar fad críochnait­he acu beidh go leor spáis sa scoil i gcomhair 800 scoláire.

Sular cuireadh tús leis an scoil, bhailigh neart daoine airgead dó.

Chuaigh daoine thart le buicéid, ea- graíodh imeachtaí tiomsaithe airgid agus fuair siad cead ó lucht Ráth Chairn a bheith páirteach i gcrannchur mór a bhí acu ó dheas. Bhailigh siad £13,000 ar an mbealach sin leis an scoil a thosú i mí Mheán Fómhair 1991.

Roimhe sin, chuaigh siad go dtí Roinn Oideachais an tuaiscirt.

“Ag an phointe sin bhí siad ag diúltú rudaí Gaeilge. Ní raibh mórán tacaíochta ag teacht ón rialtas d’imeachtaí Gaeilge,” a deir Fergus.

“Dúramar leo go raibh muid chun tús a chur le meánscoil Ghaeilge agus go dtiocfaimi­d ar ais chucu i gceann trí bliana.” Dar leo go bhfeicfead­h an rialtas cé chomh maith is a bhí an scoil thar an chéad trí bliana, go mbeadh scoth an oideachais ar fáil ann.

“Bhí muid chun deis a thabhairt don rialtas rud deimhneach a dhéanamh don Ghaeilge agus tacaíocht a thabhairt do thogra Gaeilge ag an phointe sin,” a deir Fergus.

Chuaigh siad ar ais i ndiaidh trí bliana le dea-scéal ó na cigirí, ó na tuismitheo­irí agus le thart ar 70 dalta.

Costas

“Faoin am sin bhí costas ard ar an scoil,” a deir Fergus, “agus bhí muid ag sábháil airgid don rialtas. Bhí oideachas á chur ar na scoláirí agus ní raibh an rialtas ag íoc as.” Ach dhiúltaigh an rialtas dóibh arís. “Bhí muid iontach cúramach i gcónaí go mbeadh an t-oideachas ag dul ar aghaidh sa scoil,” a deir Fergus, “is cuma céard a bhí ag tarlú thart air fad is go raibh na ranganna go fóill ag dul ar aghaidh.”

Bhí an próiseas síochána ann ag an am céanna agus bhí neart daoine mór le rá ag tabhairt cuairt ar an gcathair. D’úsáid siad an próiseas sin le próifíl na scoile a ardú.

Nuair a tháinig daoine ar nós Bertie Ahern, Dick Spring, George Mitchell, Tony Blair agus Jesse Jackson go Béal Feirste le dul go Stormont, tháinig siad go Meánscoil Feirste freisin.

Chuir siad scéal na meánscoile os comhair Bill Clinton fiú agus é ar cuairt ar Bhéal Feirste.

I ndiaidh dhá bhliain, bronnadh £100,000 ar an scoil — agus ba é sin an tús le ré úr don Ghaeilge sa chathair Cois Cuain. Anois tá an mheánscoil — nó Coláiste Feirste mar atá uirthi anois — maoinithe mar a bheadh scoil ar bith eile ann. Agus tá todhchaí na Gaeilge sa chathair slán sábháilte.

 ??  ?? Chun cinn: An tAire Oideachais úr Peter Weir (ar dheis) le pleananna do Choláiste Feirste
Chun cinn: An tAire Oideachais úr Peter Weir (ar dheis) le pleananna do Choláiste Feirste
 ??  ?? Ré nua: Ag tosú ar pháirceann­a úra peile ag an scoil
Ré nua: Ag tosú ar pháirceann­a úra peile ag an scoil
 ??  ?? Cuairt: Fear na gceart sibhialta Jesse Jackson ag caitheamh gheansaí na scoile agus ag imirt iománaíoch­ta in 2004
Cuairt: Fear na gceart sibhialta Jesse Jackson ag caitheamh gheansaí na scoile agus ag imirt iománaíoch­ta in 2004
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland