Na mílte ag tacú le litir múinteora faoin stailc
Tá alt ar líne a scríobh múinteoir i meánscoil Ghaeilge chun gairm na múinteoireachta a chosaint tar éis scaipeadh ar fud an idirlín.
Chuaigh Eimear Ní Dhóráin ar Facebook chun racht feirge a scaoileadh faoin gcaoi a n-íoctar níos lú léi ná lena comhghleacaithe.
Agus tá na mílte duine tar éis ‘is maith liom’ a chur le litir oscailte na mná chuig an tAire Oideachais Richard Bruton agus í a roinnt.
Tá múinteoirí ag bagairt dul ar stailc ó amárach.
Scríobh Eimear (26, thuas): “Nuair a bhí mise ar scoil, ba ghairm an mhúinteoireacht a raibh meas uirthi. Bhí meas agamsa ar mo mhúinteoirí.
“Caithim go leor uaireanta an chloig achan tráthnóna agus deireadh seachtaine ag eagrú, ag pleanáil, ag ceartú agus ag nuashonrú. Dar leis an sainmhíniú, sin mo chuid oibre mar mhúinteoir, ach ní ‘múinteoir’ amháin mé. “Is oibrí sóisialta mé. “Is meantóir mé. “Is comhairleoir mé. “Is síceolaí mé. “Is cúramóir mé. “Is smachtaí mé. “Is mise a bhíonn buartha an bhfuil do mhac nó d’iníon ceart go leor má thagann siad isteach i mo rang trína chéile.
“Is cara mé do do mhac nó do d’iníon nuair a theastaíonn ceann go géar uathu.
“Is mise a bhíonn ag súil an samhradh ar fad go bhfaighidh do mhac nó d’iníon a bhfuil tuillte acu ina gcuid scrúduithe.”
Lean sí: “Tá comhionannas uaim. Tá aitheantas uaim as an phost chéanna a dhéanamh le duine eile a thosaigh ag teagasc roimh mhí Feabhra 2011.
“Ná léirigh drochmheas orm trí níos lú a íoc liom.”
Dúirt sí go mbeidh sí ag dul ar stailc agus chríochnaigh sí leis na focail: “Is fútsa atá sé anois a Aire Bruton.”