Breithlá na Samhna ag TG4
Déanfar ceiliúradh taibhsiúil ar Bhreithlá TG4 le be-ochraoladh spleodrach ceolmhar ar Oíche Shamhna.
Agus beidh an cúigear láithreoirí mór le rá seo á chur i láthair — Pádraig Ó Sé, Róisín O’Hara, Páidí Ó Lionáird, Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Rónán Mac Aodha Bhuí.
Le 20 bliain anuas, chuaigh stáisiún na nGael i gcionn ar an phobal, agus beidh seó ollmhór acu ó chathair na Gaillimhe os comhair Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn — agus sibhse an lucht féachana — ó 9.30 in.
Breithlá sona ó léitheoirí Seachtain a chairde!
Ar Oíche Shamhna 1996 craoladh TG4 den chéad uair riamh agus déanfaidh an stáisiún ceiliúradh mór air sin Dé Luain beag seo, Oíche Shamhna.
“Tá fás ollmhór tagtha ar an stáisiún le 20 bliain anuas agus ba cheart dúinn an obair ar fad a rinneadh a cheiliúradh,” a dúirt Pádhraic Ó Ciardha, leascheannasaí TG4.
Beidh clár ceolmhar beo á chraoladh acu ó áiteanna difriúla ar fud na tíre ar an oíche.
TG4XX Beo is ainm don chlár speisialta seo a dhéanfaidh ceiliúradh as an ghnách ar chultúr, ar theanga agus ar amhráin na Gaeilge.
‘Aistriú an Lóchrainn’ is téama don oíche agus beidh snátha éagsúla ceoil, amhránaíochta, damhsa agus filíochta fite fuaite lena chéile ar feadh dhá uair an chloig ó 9.30 in beo ar an teilifís.
Beidh go leor den aicsean ar siúl i bpuball a bheidh sa Chearnóg in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus beidh míreanna beo á gcraoladh freisin ó Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann, ó Thigh Pháidí Uí Shé i gCorca Dhuibhne agus ón Ionad Cois Locha i nGaeltacht Dhún na nGall.
Beidh Hothouse Flowers, Máirtín O’Connor agus a Bhanna, Prodijig, Duke Special, Ulaid, Imlé, Maitiú Ó Casaide, Nell Ní Chróinín, Séamus Ó Beaglaoich, Aeons agus Muireann Nic Amhlaoibh agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, Pólca 4, Korma agus Daithí agus Liam Ó Maonlaí i measc na gceoltóirí a bheidh páirteach sna himeachtaí ar an oíche.
Beidh píosa nuachumtha bunaithe ar théama na hoíche le cloisteáil agus filí aitheanta Gaeilge agus cóir Ghaeltachta páirteach ann.
Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn aoi mór na hoíche, fear a raibh ról lárnach aige i mbunú Theilifís na Gaeilge agus é ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.
“Cloch mhíle í do TG4 agus muid ag tabhairt aghaidh ar chéim nua dár n-aistear le mórtas agus le misneach,” a dúirt ardstiúrthóir nuacheaptha TG4, Alan Esslemont.