Irish Independent - Seachtain

PRÓIFÍL LEATHANACH 2

CALAIS BAILE NA dTEIFEACH SA FHRAINC

- — SOMHAIRLE MAG UIDHIR

Tá cuma chráite ar an fhear bhocht thíos. Cé hé? Cé hiad? Cad é a scéal? Sin ceist a chuirtear go minic fúthu siúd a théann fríd Calais. Le blianta fada anois tá campa teifeach ollmhór in Calais, ar chósta thuaidh na Fraince, tríocha míle ó Shasana. Is stad eile é ar aistear fada na dteifeach — atá ag éalú ó chogaíocht uafásach sa Mheánoirth­ear agus san Afraic. Ach cén fáth a bhfuil sé ag imeacht? Ó thús na seachtaine tá an stát Francach tosaithe ar an champa a bhaint anuas. Is ceist í atá i lár an aonaigh le fada anois — an bhfuil dualgas ar gach tír dídean a thabhairt do na teifigh? Bheadh sé deacair a rá gur oscail mórán tíortha Eorpacha a ndoirse go dtí seo. Ach tá fáth ar leith ann go raibh breis is 7,000 duine carntha sa champa seo le bliain anuas. Tá na daoine in Calais ag iarraidh an Bhreatain a bhaint amach. Cá bhfuil an fear bocht seo ag dul, mar sin? B’fhéidir nach bhfuil a fhios aige féin. Tá an-drogall ar Theresa May agus ar an rialtas sa Bhreatain na daoine seo a ligean isteach. Sin an phríomhchú­is leis an champa seo sa chéad dul síos, agus ní chuireann Breatimeac­ht cuma níos fearr ar an scéal. Deir an Fhrainc go mbeidh suas le 100 suíomh nua in úsáid acu, seanscoile­anna agus botháin ina measc. Rinneadh na mílte duine a thabhairt ar shiúl ón champa, ar a bhfuil an leasainm ‘an Dufair’ air, ó bhí an Luan ann. Nach fearr an áit a dhruidim, mar sin? Bí cinnte, idir easpa bia agus easpa éadaí, agus na fadhbanna sláinte a bhí go forleathan san áit, bhí an saol in Calais an-chrua. Is ar éigean gur bhac an Fhrainc féin leo, agus is carthanais atá ag iompar an ualaigh le fada an lá. Tá sé deacair a chreidiúin­t gur cúram na dteifeach atá ag spreagadh rialtas na Fraince, seachas an seanfhocal ‘seachnaíon­n súil ní nach bhfeiceann’. Ní dhearna an Fhrainc na seirbhísí criticiúla seo a sholáthar in aon suíomh amháin go dtí seo, cad é a thugann le fios go mbeidh siad ábalta é a dhéanamh i 100 suíomh anois? Cad é fúinne in Éirinn? Tá stair na hÉireann fite fuaite leis an eisimirce. Ní iontas ar bith é mar sin go bhfuil Éire ar an tír is fáiltí do theifigh ón tSiria, de réir staidéar Eorpach. Ach in ainneoin mheon na ndaoine, is beag duine atá an rialtas i ndiaidh a ligean isteach.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland