Irish Independent - Seachtain

Na laethanta is fearr agus mé le

-

Thosnaíos ag obair le TG4 i Meán Fómhair na bliana 1999 ar bhonn páirtaimse­artha agus dhá bhliain ina dhiaidh sin fuaireas post buan ann. Is cuimhin liom mo mháthair ag rá liom go rabhas as mo mheabhair agus gur cheart dom fanacht ag múineadh.

Dúirt liom fhéin go mbeidh múineadh ann i gcónaí agus thugas m’aghaidh ar aghaidh agus níor chasas ar ais go fóill! Seans go bhfuil sé ródhéanach anois!

Nuair a thosnaíos bhí gach éinne a bhí ag obair sa Cheannáras óg — nílim ag rá go bhfuil siad sean anois ach ag an am ba é 24 nó 25 an mheánaois a bhí ann.

Is cuimhin liom chomh maith go raibh orm mo ghuthán póca a mhúchadh agus mé ag teacht abhaile ón obair mar go mbíodh cóisir gach dara hoíche ba chuma samhradh nó geimhreadh, bhí laethanta maithe ann!

Leis na laethanta maithe seo bhí an obair ana-spéisiúil ar fad. Cé go rabhas mar láithreoir aimsire bhí deis agam dul agus cláracha eile a chur i láthair chomh maith.

Thugas dhá shamhradh leis an gclár Féilte agus ag dul timpeall go dtí na féiltí móra a bhí ar siúl agus bhí craic mhaith ag baint leis sin. Ach bhí sé i mo cheann cláracha taistil agus cainte a dhéanamh agus thugamar fé Route 66 sa bhliain 2007.

Mé fhéin a chuimhnigh ar an dtuairim an clár a dhéanamh agus bhí an criú ceart i mo theannta. An bhliain dár gcionn bhíomar ar Highway 61 nó The Blues Highways. Bhuaileama­r le daoine maithe agus aite ansin.

Bhí an tsraith seo lán le réalta chomh maith. Chuck Berry, Percy Sledge, Kenny Rogers, Paul Simons agus mórán eile. Ba iad Kenny Rodgers agus Percy Sledge is mó a thaithin liom ón dturas sin. Asal ceart é Chuck Berry chun an fhírinne a rá!

An séasúr dár gcionn thugamar fés na réalta ceol tíre. Breis agus dhá mhí sna Stáit Aontaithe agus dhá chloch níos troime ag teacht abhaile thánamar abhaile le sraith iontach! Fós ceann dos na sraitheann­a is fearr liom.

Is ar an dturas sin a bhuaileas le Merle Haggard. Theastaigh uaim bualadh leis agus bhíos sásta gur ndein mar bhí sé ar fheabhas.

An turas deireanach a dheineas i Meiriceá chuamar síos taobh chósta an Oirthir, ó theorainn Cheanada síos go Miami. Bhí tae agam le Burt Reynolds ina chistin fhéin — sin ceann dos na rudaí a fhanfaidh liom go deo.

Thar n-ais sa bhaile bhíos le Glór Tíre ar feadh tamaill agus bhí cláracha beo againn ón Oireachtas. Bhí na cláracha go hiontach ach bhí an chraic rómhaith agus ní raibh sé éasca dul a chodladh luath mar go rabhamar ag obair an mhaidin dár gcionn! Sea, mar sin TG4 20 bliain ar an bhfód agus dar liom fhéin murach iad agus na Gaelscoile­anna bheadh an Ghaelainn in áit na leathphing­ine!

Deinim chomhghair­deas ó chroí leo agus guím gach rath orthu.

 ??  ?? Laoch: Dáithí ag bualadh le Burt Reynolds agus, thíos, é ag tosú le TnaG mar láithreoir aimsire
Laoch: Dáithí ag bualadh le Burt Reynolds agus, thíos, é ag tosú le TnaG mar láithreoir aimsire
 ??  ?? Ar mhuin na muice: Dáithí ag bualadh leis na Miami Dolphin Cheerleade­rs agus é ag taifeadadh Route 66 (ar dheis)
Ar mhuin na muice: Dáithí ag bualadh leis na Miami Dolphin Cheerleade­rs agus é ag taifeadadh Route 66 (ar dheis)
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland