Bíodh Misneach againn!
Bhí an eagraíocht Misneach ar an bhfód sna seascaidí le cearta a fháil do Ghaeil na tíre. Trí bliana ó shin, bheartaigh Gaeil na glúine seo go raibh gá le hathbhunú na heagraíochta.
“Chonaic muid go raibh ionsaithe leanúnacha á ndéanamh ar an nGaeilge,” a dúirt Seanán Mac Aoidh le Seachtain an tseachtain seo. “Bheartaigh muid go raibh orainn rud éigin a dhéanamh faoi.”
Thuig siad go raibh grúpaí Gaeilge eile ann a bhí á maoiniú ag an stát, ach ní raibh neamhspleáchas acu dul i gcoinne an stáit nó a bheith róchonspóideach. Bunaíodh Misneach chun an bhearna sin a líonadh.
“Táimid in ann a bheith conspóideach,” a dúirt Seanán. “Níl baint ar bith againn leis an stát. Chreid muid go raibh grúpa ag teastáil a bhí ar leas an phobail féin amháin agus nach raibh freagrachtaí acu d’eagraíocht oifigiúil ar bith.”
D’eagraigh an grúpa úroinnt agóidí ar nós an Lá Dheirg i mBeal Feirste agus léirsithe nuair d'eirigh an Coimisinéir Teanga as a phost in 2013. Cuireann siad neart cainteannganna na, díospóireachtaí agus ran Gaeilge ar siúl thuaidh agus theas.
Bhí Meitheal Misneach — b’fhéidir Ard-Fheis seo acu — ar siúl i tacht Ráth Chairn i gContae an mhí seo caite. Tháinig daoine a raibh spéis acu sa ghrúpa le chéile ó fud fad na tíre. Phléigh siad cúrsaí Gaeilge agus an ról atá ag an eaga. graíocht ag neartú na teang
“Éacht a bhí sa deireadh h seach taine sin i ndáiríre,” a dúirt Seanán. “Tháinig grúpa Gael le chéile le tuairimí difriúla agus shocraigh
muid ar na rudaí atá uainn.” Leag siad amach seacht n-éileamh:
Go mbeidh oideachas d’ardchaighdeán trí Ghaeilge ar fáil ag gach leibhéal d’aon duine atá á iarraidh.
Go mbeidh lánfhostaíocht, a thugann aitheantas do chearta teanga, sa Ghaeltacht agus sa tír ar fad.
Go mbeidh cearta iomlána teanga ar fáil do na Gaeil in Éirinn.
Go mbeidh gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Go mbeidh saol sóisialta bríomhar ar fáil trí Ghaeilge.
Go ndéanfar díchoilíniú iomlán ar an tír.
Agus go mbeidh féinchumhachtú ag na Gaeil, gur féidir leis na Gaeil iad féin a spreagadh le dul i mbun gnímh.
D’aontaigh siad ar bhunreacht don eagraíocht freisin.
“Ba é sin an chéad Mheitheal a bhí againn agus bhí muid ag iarraidh athshamhlú agus athmhachnamh a dhéanamh ar céard go díreach é Misneach,” a dúirt Seanán. “Ní thiocfaidh leat a bheith míshásta faoin méid a bhain muid amach ann.”
Is grúpa den eite chlé iad atá gcoinne aon chóras a chuireann brabús roimh leas na ndaoine, agus mar sin tá siad i gcoinne an chórais caipitleachais mar atá sé faoi láthair. Ní shíleann siad go bhfuil orainn brath ar an stáit leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a thabhairt slán.
Faoi láthair is sna bailte móra is mó atá Misneach le feiceáil ach bhí daoine ó roinnt Gaeltachtaí i láthair ag an Meitheal freisin. Tá sé mar aidhm acu an eagraíocht a fhás agus a fhorbairt ar fud fad an 32 chontae.
“Is mithid dúinn seilbh a ghlacadh athuair ar an athbheochan teanga, ar chaomhnú na Gaeltachta agus seasamh a dhéanamh in aghaidh polasaithe atá ag cur le bánú na tuaithe,” a deir an eagraíocht. “Is ón bhun aníos a chaithfeas muid seo a dhéanamh i ngach cearn den tír.”
Nuair a cuireadh tús le Misneach athuair trí bliana ó shin bheartaigh siad go raibh gá le hiris. Chuir siad tús le Mionlach, iris na heagraíochta. Chuir siad ceithre eagrán amach go dtí seo.
Tá sé ar fáil ar líne agus i siopaí ar fud na tíre.
Táthar ag iarraidh é a chur amach go ráthúil agus tá lucht Misneach ag obair ar an gcéad eagrán eile faoi láthair. Beidh sé ar fáil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
Cuireann Misneach fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Má tá spéis ag duine ar bith san eagraíocht nó má tá tuilleadh eolais uait, níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh leo le páirt a ghlacadh ann. Tá leathanaigh Facebook ag Misneach Chorcaí, Bhéal Feirste, na Gaillimhe, Mhá Nuad agus Nua-Eabhrac agus tá leathanach Facebook náisiúnta ann freisin. Is féidir ríomhphost a chur go eolas@misneachabu.ie.