Irish Independent - Seachtain

Taispeánta­s a léirigh meas don laoch Axel

- GRÁINNE McELWAIN

Chomhlíon Cúige Mumhan gealltanas — oidhreacht Anthony Foley a choinneáil beo le sárthaispe­ántas i gcraobh na hEorpa an tseachtain seo caite.

Is é “Stand Up and Fight” amhrán mór an chúige agus sin go díreach a rinne siad.

Bhuaigh an Mhumhain an cluiche 3817 in aghaidh Ghlaschú le 14 imreoir agus níor chuir an cárta dearg a fuair Keith Earls isteach ná amach orthu.

Deirtear gurbh é sin an taispeánta­s is fearr dá bhfaca muid le tamall fada ó na Muimhnigh ar lá a bhí thar a bheith corraithe do chlann Axel Foley agus lucht tacaíochta na Mumhan.

Sár-obair

Beidh le feiceáil an féidir leis an Mhumhain coinneáil leis an tsár-obair sin don chuid eile den séasúr; más féidir, beidh sé rídheacair iad a bhualadh.

Is ar an tsraith Pro12 a dhíreoidh an t-aicsean an tseachtain seo, le Cúige Mumhan as baile in aghaidh Chúige Uladh i mbabhta a seacht den chomórtas.

Cluiche deacair eile roimh fhoireann an deiscirt agus is é seo an chéad uair a bheidh siad ag imirt sa chomórtas seo ó cailleadh Anthony coicís ó shin.

Níl ach trí phointe idir an dá fhoireann ar chlár na bpointí ach is iad na hUltaigh atá ar bharr an tábla le 22 phointe agus na Muimhnigh sa chúigiú háit mar a sheasann sé faoi láthair.

Fuair Cúige Uladh an lámh in uachtar ar Exeter i gcraobh na hEorpa an tseachtain seo caite ach ar éigean. Is mór an imní dóibh agus do Les Kiss an dóigh a bhfuil siad ag mealladh agus ag ligint foirne teacht ar ais sa chluiche. Craolfar an cluiche seo beo Dé hAoine ar TG4 agus BBC NI ag 7.05 in. Dé Sathairn, feicfimid Cúigí Laighean agus Chonnacht in aghaidh a chéile san RDS ag 5.35 in.

Is fiú a lua nach mbeidh na himreoirí idirnáisiú­nta ag imirt de bharr na gcluichí idirnáisiú­nta atá ag teacht.

Ciallaíonn sé sin nach mbeidh Robbie Henshaw ag casadh lena sheanfhoir­eann den chéad uair ó d’fhág sé an t-iarthar i rith an tsamhraidh.

Tá 12 phointe idir na foirne ar chlár na bpointí, le Cúige Laighean sa dara háit, agus níl ach cluiche amháin caillte acu agus b’in in aghaidh Ghlaschú.

Chaill Cúige Chonnacht a gcéad trí chluiche sa tsraith ach thiontaigh siad rudaí thart le buanna in aghaidh Dhún Éideann agus Chúige Uladh sa dá chluiche dheireanac­ha.

Cinnte tabharfaid­h na buanna in aghaidh Toulouse agus Zebre i gcraobh na hEorpa spreagadh dóibh.

Chaill Cúige Chonnacht 13-0 ag an am seo anuraidh, le Cúige Chonnacht ag fáil an lámh in uachtar orthu sa Sportsgrou­nd níos moille sa bhliain.

 ??  ?? Brón: Imreoirí na Mumhan Dé Sathairn
Brón: Imreoirí na Mumhan Dé Sathairn
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland