Irish Independent - Seachtain

Moltaí fiúntacha atá le plé

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Is mó focal agus abairt atá scríofa agus fógraithe le tamall anuas i leith struchtúr na gComórtais­í Craoibhe sa pheil ag díriú ar leasuithe a dhéanamh. Ní haon rún é go bhfuil imreoirí na gclub míshásta leis an staid mar atá.

Is fuirist a gcás a thuiscint — bíonn siad díomhaoin ó imirt cluichí tábhachta toisc easnamh na n-imreoirí ‘idirchonta­e’ a bhíonn i mbun traenála dá gcluichí féin.

Tá an fhadhb ann le fada agus ar uairibh bíonn fir na gclub den dtuairim gur róchuma leis na húdaráis le cumhacht faoin easpa dul chun cinn atá á dhéanamh lena gcás.

Bíonn dhá léamh ar gach scéal; ar thaobh na n-údarás de is iad na Craobhacha Cúige agus Uile-Éireann an tslat tomhais chun stádas an chumainn a mheas i gcomhthéac­s spóirt éagsúla na tíre. Go hiondúil bíonn an cumann ar bharr an liosta nó gar dó.

Ach fós tá faillí á dhéanamh ar ionad na n-imreoirí club agus nach minic gur i rith dúluachair an gheimhridh a bhíonn críoch á chur le ladhar maith de ‘chluichí móra’ i réimse na gclub.

Tá tuarascáil curtha ar fáil chun moltaí a spreagadh a mhaolódh an cruachás agus caithfidh mé a rá gur thaitin abairt ar leith go speisialta liomsa.

Sé a bhí ann ná go mb’fhéidir go mb’fhearr díriú ar roinnt bheag athruithe mar thús in ionad bheith ag fiach ar thóir ‘panacea’ gur deacair a mhúnlú.

Leis an gclaonadh sin in aigne, seo hiad na céimeanna tosaigh a mholfainn mar thús le fuascailt na gclub. Polasaí náisiúnta ag fógairt go mbeadh imreoirí idirchonta­e saor le himirt i gcluichí na gclub go lár an Mheithimh. Struchtúr nua do chúrsaí Peile Uile-Éireann go mbeadh cluiche ceannais na tíre á reáchtáil ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair.

Nach leor é mar thús.

Seachtain neamhghnát­hach a bhí sa cheann a tháinig chun deiridh ar an Satharn seo caite. Is in a thús a tháinig an scéal truamhéala­ch faoi bhás Laoch an Rugair, Antoine ‘Axel’ Ó Foghlú. Bhain sé geit mhillteach as formhór an phobail agus ní pobal an rugair amháin atá i gceist.

Bhí sé ar cheann de phríomhscé­alta na seachtaine go deireadh agus is mó léiriú a tugadh ar an gcion agus meas a bhí ag daoine air mar dhuine agus mar laoch agus gaiscíoch i saol an rugair.

Deinimid comhbhrón lena bhean chéile, a chlann, a thuismithe­oirí, a ghaolta agus a chairde.

Suaimhneas síoraí dá anam.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland