An Bhéaltriail - Mo Chuid Caitheamh Aimsire
Is féidir teacht ar cheisteanna eile ar an ábhar seo ar www.ceacht. ie. Ullmhaigh freagraí do na ceisteanna seo a leanas, bí cinnte go bhfuil stór focal leathan agat chun na pointí seo a phlé, déan cleachtadh le do pháirtí ranga chun líofacht a fhorbairt i do chuid cainte. Go n-éirí leat! Cén sórt caitheamh aimsire atá agat? An imríonn tú aon spórt? An léann tú go minic? Cad é an leabhar is fearr leat? Inis dom faoi. An dtéann tú chuig an bpictiúrlann go minic?
Bí Cúramach!
Tá cúpla bealach chun é seo a rá. Is breá liom dul go dtí an phictiúrlann - is focal baininscneach í ‘pictiúrlann’. Is breá liom dul chuig an bpictiúrlann - leanann urú réamhfhocal agus an t-alt. Is breá liom dul chun na pictiúrlainne - leanann an tuiseal ginideach an focal ‘chun’ nuair a chiallaíonn sé ‘to’. Cén sórt scannán a thaitníonn leat?
Bí Cúramach!
Nuair a thosaíonn tú abairt san Aimsir Láithreach, ní bhíonn ‘séimhiú/h’ sa bhriathar riamh. Tá séimhiú sa cheist anseo toisc go dtógann an focal beag ‘a’ séimhiú. m.sh. Conas a bhíonn do ranganna? Bíonn mo ranganna ceart go leor. Cad é an scannán is fearr leat? An dóigh leat go gcaitheann daoine óga an iomarca ama leis an teicneolaíocht? Ar imir tú aon spórt nuair a bhí tú níos óige? Cad a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine de ghnáth nuair a bhíonn tú saor? An dtéann tú amach le do chairde go minic? Cad iad na háiseanna atá ann do dhaoine óga i do cheantarsa? An raibh tú ag ceolchoirm riamh? An maith leat éisteacht le ceol agus tú ag staidéar?