Tá Éire ar tí níos mó ban a earcú mar shaighdiúirí
Tá Éire le níos mó bansaighdiúirí a earcú agus iad a chur thar lear ar mhisin síochána, a dúirt aire Rialtais.
Dúirt an tAire Cosanta Paul Kehoe le Seachtain go n-aithnítear cumais chruthaithe na mban ar an líne thosaigh go hidirnáisiúnta anois.
Tá níos mó ná 130 ball d’Óglaigh na hÉireann ag cur tús le himlonnú i ndeisceart na Liobáine inniu.
Ina measc tá an Leifteanant Grace Fanning as Ceatharlach a cheiliúir a pósadh comhghnéis lena fiancée Carol Brady níos luaithe i mbliana.
Dearcadh
Beidh níos mó bansaighdiúirí i measc an mhisin síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe ná riamh cheana.
Agus dúirt an tAire Kehoe le Seachtain: “Tugann mná dearcadh difriúil don tsíochánaíocht.
“Bíonn bá acu leis na ceannairí difriúla sna pobail. D’fhreastail mé ar chomhdháil i Londain le deireanaí inar pléadh é seo ar fad.
“Aithnítear go hidirnáisiúnta an ról uathúil is féidir le mná a dhéanamh chun muinín daoine i gcásanna áirithe a bhaint amach.
“Ba chruinniú de chuid na Náisiún Aontaithe a bhí ann agus táimid spreagtha anois in Éirinn chun níos mó ban a earcú in Óglaigh na hÉireann as seo amach.”
Dúirt sé freisin go bhfuil Éire tiomanta go fóill dá misean sa Liobáin.
“Níor maolaíodh riamh ar an meas ar na hÉireannaigh amuigh ansin,” a dúirt Kehoe.
“Bíonn muintir na Liobáine ag brath go mór orainn, ar na scileanna a thugann muid agus tá muid go hiomlán tiomanta do na daoine a gcabhraíonn muid leo amuigh ansin.”
Eitleoidh baill réamhimeachta ón 109ú Cathlán Coisithe go Béiriút inniu.
Mar gheall ar imlonnú an 109ú Cathlán Coisithe, méadóidh cuid na hÉireann ar mhisean Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin ón leibhéal reatha 220 duine go 370 duine san iomlán.
Beidh complacht saighdiúirí as an bhFionlainn agus buíon as an Eastóin leo.
Ar bís
Tagann an fhoireann atá ag taisteal leis an gcathlán ó 24 chontae ar fud na hÉireann, agus is iad an 28ú Cathlán Coisithe a bhíonn lonnaithe i gCampa Fionnabhair an t-aonad is mó atá ann agus 59 gcomhalta foirne leo ar an misean.
Dúirt an Leifteanant Fanning: “Tá mé ar na farraigí móra leis an tseirbhís chabhlaigh le 15 bliana anuas ach seo an chéad uair dom a bheith ar imlonnú thar sáile agus tá mé ar bís faoi.
“Is saghas bean ghníomhaíochta mé, mar sin thairg mé dul ar an imlonnú seo agus tá mé ag súil go mór le mo ról sa Liobáin.”