PRÓIFÍL LEATHANACH 2
Zombaithe, puimciní ach cad faoi na tornapaí? Ceiliúrtar Oíche Shamhna ar fud an domhain anois ón tSualainn go dtí an Astráil ach i mBanba a thosaigh sí an chéad lá ariamh leis na Ceiltigh i rith ré na bpágánach. Sa lá atá inniu ann, is mó caint atá faoi Mheiriceá agus iad ag trácht ar Oíche Shamhna. Tá na tornapaí caite ar leataobh againn agus na puimcíní i réim anois (buíochas le Dia, tá siad i bhfad níos fusa). Is mó eagla atá ar na daoine óga roimh zombaithe ná roimh Dhúlachán — an duine gan chloigeann ar mhuin capaill ó mhiotaseolaíocht na hÉireann. Cá bhfuil bunfhréamhacha na Samhna? Ba dhlúthchuid de chreideamh na gCeilteach in Éirinn agus sna tíortha Ceilteacha eile í. Mhothaigh siad gur beag an deighilt a bhí idir a ndomhan agus domhan na marbh. Bhíodh cóisir mhór ag na Ceiltigh an tráth seo bliana chun an ruaig a chur ar na mairbh. Nuair a bhuaileann an samhradh leis an gheimhreadh, creideadh go raibh bearna ann inar féidir leis na mairbh dul tríd. Caitheadh aghaidheanna fidil sa chruth is nach mbeadh a fhios ag na púcaí agus na síogaí cé againn a bhí beo nó marbh. Cé na nósanna is mó atá ann anois? Tá cuimhne mhaith againn ar Bhob nó Bia, ag dul ó theach go teach sa tóir ar chúpla pingin chun milseáin a cheannach, mar eolas — tá sé i bhfad níos deacra sin a dhéanamh agus tú sna fichidí. Athbheochan na Samhna? Tá sé thar am go nglacfadh muid seilbh ar ár saoire scanrúil Samhain agus dul ar ais chuig ár ndúchas. Tá cleas úr de dhíth orainn chun an ruaig a chur ar na zombaithe nuaaoiseacha atá i réim faoi láthair le hathshealbhú cultúrtha! Is linne Oíche Shamhna ó cheart — ní leis na Meiriceánaigh! — NAOISE Ó CAIREALLÁIN