Irish Independent - Seachtain

Robbie, Alan agus oíche lán le craic le cairde TG4

-

Ní rabhas ar an Late Late Show le fada agus caithfidh mé a rá go raibh sé go deas a bheith ann le Maura agus Hector ar an Aoine. Bhí na hainmneach­a móra ann ar an oíche. Alan Carr an fear grinn — fear a bhí ciúin agus sinn ar fad istigh sa seomra céanna i gcaitheamh an tseó.

Mar sin fhéin ní raibh sé ag coimeád chuige fhéin, bhí sé ag caint, bhuel sé an chatty man atá ann ag deireadh an lae!

Bhíomarna ag teacht ón stáitse agus cé a bhí ag dul air inár ndiaidh ach 007 Roger Moore!

Tá a fhios agam go bhfuil sé amach sna blianta anois ach bhí na mná ar fad fós ar a thóir!

Bhíos ag iarraidh a rá leis gurb é O6 — Ó Sé — an phríomhuim­hir sa tír seo agus go raibh mo chumhacht speisialta fhéin agam, ach níor thóg sé aon cheann dos!

Bhí Johnny Sexton ann chomh maith. Níor bhuaileas riamh cheana leis agus chun an fhírinne a rá níor cheapas go raibh sé chomh hard! Fear mór groí é agus fear ana-dheas! Is dócha gurb é Robbie Williams an réalta is mó a bhí ann ar an oíche. De ghnáth nuair a thagann réalta ar nós an fhir seo fanann sé leis fhéin agus a chriú, ach ní mar sin a bhí le Williams.

Bhuaileas leis fé dhó an oíche sin. An chéad uair tháinig sé chugainn ag caint agus bhíomar ar fad ann agus ár mbéil ar oscailt againn!

Bhí ár mbéil chomh mór sin ar oscailt go ndeineamar dearúd féinphic a thógaint leis, bhíomar ar fad ar buile!

Chuaigh sé amach le Tubs agus bhíomar cinnte go mbeadh sé ag déanamh éalú tapaidh nuair a bheadh a mhéid déanta aige.

Bhuel, ní dhein agus tháinig sé chugainn in athuair agus an uair seo bhí na ceamaraí ullamh againn!

Caithfidh mé a rá gur fear thar a bheith deas é agus bhí sé ag labhairt linn fé mar a bheadh sé le duine go raibh aithne aige air. Bhí sé sin go deas.

Tháinig an scéal amach an lá sin go mbeadh sé ag déanamh ceolchoirm­e san Aviva an samhradh seo chugainn.

Tá Robbie cinnte agus é bookálta isteach, ach tá ráfla ag dul timpeall go bhfuil Guns ’n Roses ag teacht go Páirc an Chrócaigh agus má tharlaíonn sé sin is cuma cé chomh deas is atá Robbie Williams beidh sé in áit na leathphing­ine!

Caithfidh mé fáil agam go cinnte an bhfuil said ag seimint ann agus chomh luath is a thagann an scéal chugam cuirfead an scéal ar aghaidh mar tá a fhios agam gur ‘fans’ móra sibhse mar aon liom fhéin!

 ??  ?? Sult: Mise, Maura agus Hector dár gcur faoi agallamh ag Tubs faoi 20 bliain TG4
Sult: Mise, Maura agus Hector dár gcur faoi agallamh ag Tubs faoi 20 bliain TG4
 ??  ?? Cairde: Mé féin agus Robbie san fhéinphic, agus an triúr againn sa seomra glas roimh an seó
Cairde: Mé féin agus Robbie san fhéinphic, agus an triúr againn sa seomra glas roimh an seó
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland