Irish Independent - Seachtain

An dúshlán is mó roimh na hÉireannai­gh

- GRÁINNE McELWAIN

Tá dúshlán mór roimh fhoireann rugbaí na hÉireann Dé Sathairn seo.

Ní amháin go gcaithfidh siad iarracht a dhéanamh seaimpíní an domhain, an Nua-Shéalainn, a bhualadh uair amháin i sraith na Samhna ach taobh istigh de choicís bainfidh siad triail as sin a dhéanamh faoi dhó.

Feicfear an Nua-Shéalainn mar chuairteoi­rí i Staid Aviva ar an 19 Samhain, le cluiche in aghaidh Cheanada ag teacht ar an 12ú lá. Ach bí cinnte níl ach foireann amháin i mbéal an phobail. Dodhéanta a deirtear ach tá cóitseálaí na foirne Joe Schmidt ag dúil go mór leis.

Deis

“Mura bhfaighidh muid an deis imirt in aghaidh na foirne is fearr cén dóigh ar féidir linn feabhsú? Is iontach an deis é comparáid a dhéanamh idir muid féin agus na All Blacks agus treoir a fháil ar cá seasann muid,” a deir sé.

Tuairiscít­ear go bhfuil maoiniú €1 mhilliún ag dul go dtí an IRFU ón chomhlacht margaíocht­a spóirt TLA a d’eagraigh an ócáid seo in Soldier Field in Chicago san oíche Dé Sathairn.

Cé go bhfuil go leor den fhoireann a bhuaigh Craobh an Domhain anuraidh tar éis éirí as — ina measc Dan Carter, Richie McCaw agus Ma’a Nonu — níl an chuma orthu go bhfuil siad ag fulaingt dábharr.

Cloistear go leor cainte faoin imreoir óg Anton Lienert-Brown a chaitheann geansaí a dó dhéag agus a bhuaigh Craobh an Domhain faoi 20 anuraidh, imreoir Rugbaí Éire v na Nua-Shéalainne Soldier Field, Chicago, Illinois Dé Sathairn @6 in (am áitiúil, 9 in am na hÉireann). Beo ar eir Sport amháin a bhfuil muid ag súil a fheiceáil. Tugadh deis roimhe do Beauden Barrett ag uimhir a deich in áit Aaron Cruden ach tá imní faoi roinnt dá chiceanna éirice.

Cuireann sé go leor amú agus seans go dtosnóidh Steve Hansen Aaron Cruden mar gheall air sin.

Ní dhéanfar dearmad ar chomh cóngarach is a bhí Éire trí bliana ó shin agus iad ar tí na All Blacks a chloí den chéad uair riamh. Tríocha soicind le dul, d’éirigh leis an Nua-Shéalainn úd slánaithe a aimsiú agus bhuaigh siad 24-22 — an chéad uair go raibh siad chun cinn sa chluiche sin.

Botúin

“Ní féidir leat botúin a dhéanamh nó íocfaidh tú as,” a deir Jamie Heaslip agus é ag caint faoin chluiche seo.

“Caithfidh tú imirt ar feadh 80 nóiméad le 23 imreoir den scoth ag teastáil ar an phainéal. Cuirfidh na All Blacks brú damanta dian ort agus tá sé thar a bheith tábhachtac­h a bheith ullmhaithe go fisiciúil i d’intinn dóibh.”

Sin atá de dhíth má tá Éire chun buachaint ar na All Blacks faoi dheireadh.

 ??  ?? Tallann mhór: Anton Lienert-Brown
Tallann mhór: Anton Lienert-Brown
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland