NUACHT OIREACHTAS 2016: NA MÍLTE AG DUL GO CILL AIRNE
10,000 duine ag tabhairt aghaidh ar Chill Airne d’fhéile na nGael...
Tá an tráth sin bliana buailte linn arís — Oireachtas na Samhna agus na Gaeil ar fad ag fáil faoi réir don turas go Cill Airne agus go hÓstán Ghleann an Iolair.
Tosóidh na himeachtaí ar fad inniu agus beidh an spórt agus an spraoi ag dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh.
“Is iad Déardaoin go dtí Dé Domhnaigh na laethanta móra,” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Sin nuair a bheidh na comórtais agus na hócáidí móra againn ach tosóidh rudaí tamaillín roimhe sin.”
Tá an-chuid taithí ag lucht an Oireachtais ar Óstán Ghleann an Iolair agus Óstán an Brehon atá béal dorais leis ach i mbliana, de bharr fás ar líon na n-iarrthóirí sna comórtais, bainfear úsáid as cúpla óstán eile i gCill Airne — mar shampla beidh an Comórtas Amhránaíochta faoi agus os cionn 35 ar siúl sna hóstáin Killarney Plaza agus Killarney Avenue. Deirtear go mbeidh isteach agus amach ar 10,000 duine i láthair.
“Tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra na himeachtaí ar fad a eagrú ar aon suíomh amháin de bharr ardú sna méid iarrthóirí,” a d’admhaigh Liam.
Beidh thart ar 640 iarrthóir páirteach sna comórtais le linn na féile — ardú beag ar anuraidh.
Bíonn Oireachtas na Gaeilge i gCeanada ar siúl trasna na dtonnta freisin agus beidh grúpa beag as Ceanada i láthair ag ollfhéile na nGael abhus in Éirinn thar ceann Oireachtas Cheanada.
Beidh thart ar 154 ócáid dhifriúla ar siúl le linn na féile, idir chomórtais, chainteanna, imeachtaí teaghlaigh agus chruinnithe.
Seo blaiseadh beag de na himeachtaí a bheidh ag tarlú.
SEOLFAR an tOireachtas go hoifigiúil ag a 5 in inniu agus bronnfar duaiseanna liteartha an Oireachtais 2016 agus Gradam Réics Carló i Seomra Mangerton in Óstán Ghleann an Iolair.
BEIDH Comórtas Beo: amhrán nuachumtha Gaeilge do dhaoine óga ar siúl ag a 7 in in Ionad an Ballroom in Óstán Ghleann an Iolair anocht.
BEIDH Fóram Drámaíochta ar siúl amárach ag a 12 in sa Seomra Park in Óstán an Brehon Pléifear todhchaí na drámaíoch ta Gaeilge le linn an tseisiúin sin. Beidh painéal de chainteoir ann agus beidh Uachtarán an Oireachtais Ray Mac Mánais ma chathaoirleach ar an bhfóram.
BEIDH an dráma Fornacht do Chonaic le feiceáil amárach ag a in in Amharclann an Oireachtai
in Óstán an Brehon. Is dráma é seo atá bunaithe ar an dán Fornocht do Chonac le Pádraig Mac Piarais. Beidh Micheál Ó Dubhghaill, Gráinne Bleasdale agus Doireann Ní Fhoighil le feiceáil ar an stáitse mar chuid dó.
SEOLFAIDH Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta an leabhar ‘An Oíche Úd i mBarceloneta, shiúlamar bealach na Bó Finne faoi thrí…’ Dé hAoine ag a 2 in. Chuir Siún Ní Dhuinn agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh eagar ar an leabhar seo a cuireadh le chéile in ómós do Mhuiris Ó Meara. Ba scoláire, smaointeoir agus file é Muiris a chur go mór le saol na Gaeilge.
SEOLFAIDH Dara Ó Cinnéide an dlúthdhiosca Ardaigh an Laiste, amhráin agus rannta don aos óg á rá ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus Páidí Mhárthain MacGearailt ag a 4 in Dé hAoine in Óstán Ghleann an Iolair.
BEIDH ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ar siúl maidin Dé Sathairn ag a 9.30 rn i Seomra Inis Faithleann in Óstán Ghleann an Iolair.
TÁ Conradh na Gaeilge ag eagrú Sheimineár an Oireachtais ag a 11 rn Dé Sathairn sa Ballroom in Óstán Ghleann an Iolair. Beidh na cainteoirí John Concannon, Gearóid Ó Tuathaigh, Julian de Spáinn agus Anne McCabe i láthair agus iad ag plé ‘Ceachtanna an Chomóraidh: Spriocanna Nua do Phobal na Gaeilge’.
TÁ an Timire agus Foilseacháin Ábhar Spioradálta ag eagrú seoladh leabhar ag Ardán an Aonaigh ag a 12 in Dé Sathairn. Seolfaidh siad ‘An Ceart & an Chóir — Luíonn sé le Ciall is le Spiorad na hEacnamaíochta nua agus na Críostaíochta’ agus beidh an tOllamh Peadar Kirby ó Ollscoil Luimnigh mar chainteoir.
BEIDH Club Leabhar an Oireachtais ar siúl Dé Sathairn ó a 12 in go dtí 1.15 in sa Seomra Onóra in Óstán Ghleann an Iolair. Brisfear an t-imeacht ina dhá chuid. Ó 12 meán lae beidh deis acu siúd a bhfuil An Tearmann le Alex Hijmans léite acu an saothar a phlé a chéile. Beidh Alex é féin i láthair ó 12.45 ar aghaidh le ceisteanna a fhreagairt. Craolfar an seisiún ceisteanna agus freagraí beo ar Facebook.
BEIDH Léacht Raidió Fáilte: Inné, Inniu is Amárach le hEoghan Ó Néill agus Edel Ní Churraoin ar siúl ag 6.30 in Dé hAoine san ionad Park in Óstán an Brehon. Labhróidh siad faoin stáisiún pobail Gaeilge i mBéal Feirste agus é ag ceiliúradh 10 mbliana ó thosaigh siad ag craoladh go dleathach. Beidh comhchraoladh ann idir Raidió na Life agus Raidió Fáilte ag a 11 rn Dé hAoine i bhForsheomra Ghleann an Iolair.
Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fad agus faoin Oireachtas é féin ar fáil ar an suíomh www.antoireachtas.ie.