SPÓRT DÚSHLÁN MÓR ROIMH ÉIRINN... FAOI DHÓ!
Tá deireadh le cluichíocht idirchontae i réimse na bhfoirne contae fad a mhaireann an chuid eile den mbliain. As seo go Nollaig beidh lear maith de chluichí idirchlub á reáchtáil sa pheil agus san iomáint chun teacht ar churaidh na gcúigí.
Tá na comórtaisí seo faoi lántseol agus mar is gnáth coimhlintí spreagúla d’ardchaighdeán á soláthar do lucht leanta na gcluichí club.
Níl gearáin le clos a thuilleadh ó bhainisteoirí na bhfoirne seo faoin leatrom a bhí á leagadh orthu níos luaithe sa bhliain toisc bac bheith ar imreoirí a bhí ar ‘phainéal idirchontae’ imirt lena gclubanna. Ach bímis deimhin de go bhfillfidh an bac arís go luath san athbhliain.
Ach tiocfaidh deireadh leis uair éigin mar tá an míshuaimhneas ina thaobh ag méadú go mear le déanaí. Níl dabht ná gurb é atá mar aoileach ag an síol atá ag péacadh le cúpla seachtain chun Cumann d’Imreoirí Club a bhunú. I mo thuairimse is smaoineamh ana-mhaith é.
Is as a thiocfaidh saoirse do chlubanna a n-imreoirí a roghnú ar a bhfoirne níos minicí ná mar atá ag tarlú faoin gcórais atá i réim faoi láthair. Tá an chumhacht ag Boird Chontae deireadh a chur leis an mbac nó teorainn a chur leis ar mhaithe le cothrom na Féinne a thabhairt do bhainisteoirí na bhfoirne club.
Tuigeann gach éinne go bhfuil ardstádas ag comórtaisí idirchontae agus ní hionadh é gurb iad sméar-sheod CLG.
Is cóir mar sin go leanfaí le tacaíocht mhaith a thabhairt do na bainisteoirí. Ach ní mór cluas a thabhairt freisin do mhíshuaimhneas na gclub toisc cuid dá n-imreoirí bheith ‘imtheorannaithe’ i rith tréimhsí den samhradh.
Is annamh go mbíonn lag trá in ábhair le plé aon uair go dtagann lucht leanta spóirt le chéile. Dheineas roinnt spaisteoireachta ar fud na tíre i rith na seachtaine agus ait go leor chuala a lán cainte i dtaobh an chonartha nua atá idir CLG agus Teilifís Sky. Tá míshuaimhneas agus imní á léiriú.
Tá iontas go bhfuil bac ar RTÉ go fóill cluichí áirithe a chraoladh beo. Dar le roinnt daoine tá forlámhas ag cúrsaí airgid sa chás agus ní maith leo an claonadh atá le sonrú.
Tá tuairimíocht ag fás de réir a chéile go dtiocfaidh an t-am go mbeidh Sky uilechumhachtach i gcúrsaí craolta spóirt CLG agus mar sin de.
An bhfuil tábhacht a thuilleadh leis an bhfíric gur CLG agus 2RN, an chéad stáisiún raidió in Éirinn a bunaíodh in 1926, a chuir tús le craoladh beo ar spórt sa domhan uilig?
Tá gádh le súil siar i dteannta súil eile chun tosaigh.