Corn eile rompu?
Thiocfadh leat a rá go dtí seo go raibh neart eachtraíochta ag Dún Dealgan ach bheidís ag súil nach dtiocfaidh deireadh leis san oíche amárach sa Rúis.
Casfaidh siad ar FC Zenit i gCathair Pheadair Mhóir ag a 6 in am na hÉireann le dúil ag na hÉireannaigh cáiliú as na babhtaí cáilithe i ngrúpa D sa tSraith Europa den chéad uair riamh.
Mí-ádh
Faoi láthair is sa dara háit atá siad ach bhí míádh ag Dún Dealgan sa chéad chluiche nuair a chaill siad ach ar éigean 2-1 i Staid Thamhlachta.
11 imreoir idirnáisiúnta atá ag foireann na Rúise ar fiú €145 mhilliún iad. Is iad FC Zenit rogha na n-údar ach tá spiorad dochreidte ag an ghrúpa peileadóirí seo as Dún Dealgan agus spreagann bua i CLUICHE CEANNAIS CHORN AN FAI Cathair Chorcaí v Dhún Dealgan Staid Aviva @15.40in, Dé Domhnaigh. Beo ar RTÉ2 Sraith Airtricity den tríú huair as a chéile iad chomh maith.
De réir na dtuairiscí, is iad Dún Dealgan an fhoireann is fearr riamh i stair Shraith na hÉireann ach seans maith go bhfuil tuairimí difriúla ag Cathair Chorcaí faoi sin.
Is mór an dúshlán é do Dhún Dealgan teacht ar ais ón Rúis agus a bheith réitithe do chluiche ceannais Chorn an FAI Dé Domhnaigh ach sin rud a chaithfear a dhéanamh.
Cé go bhfuil feabhas tagtha ar Chorcaigh le cúpla bliain anuas faoi John Caulfied níl aon chorn buaite acu fós.
Ach seo í an fhoireann is fearr le stop a chur le sodar Dhún Dealgan agus iad ag iarraidh an corn agus an tsraith a bhaint den dara bliain as a chéile.