Irish Independent - Seachtain

An fáth a chuir ailse mhac óg Mhichael deor le mo shúil...

-

Ní thógaim puinn airde ar scéalta a bhaineann leo siúd atá os comhair an phobail. Tá an nuacht agus na nuachtáin lán leo agus nuair a chaitheann tú na meáin shóisialta isteach, níl aon éalú uathu!

Ní chuireann na scéalta seo isteach orm mar ná cuirim féin suim iontu — go dtí an tseachtain seo. Tháinig scéal chugainn go bhfuil ailse ar mac le Michael Bublé, Noah.

Ach níor bhuaileas riamh le Michael Bublé agus níl ach aithne agam ar a chuid ceoil.

Canathaobh gur chuir an scéal seo isteach orm agus ní na céadta eile mar é? An é go bhfuil mac agam fhéin ar comhaois le Noah, an é sin an chúis? An é go bhfuil Éire i ngrá le Bublé agus gur fear fíordheas é agus go bhfuil trua agam do dhaoine mar seo?

Tá ana-chuid ceisteanna agus an t-aon rud atá ar eolas agam ná gur tháinig deor le mo shúil nuair a chnoc an scéal seo ar Twitter.

Ní foláir go bhfuil baint ag mo mhac fhéin leis seo. Ní rabhas mar seo roimh 2014 — ní raibh aon tuiscint agam ar chonas a bhraithean­n athair nó máthair mar ná rabhas ar dhuine acu.

Bhí gach éinne ar rá, “ó fan go dtí go mbíonn do chlann fhéin agat” agus is fíor dóibh mar seo ceann dos na rudaí sin go gcaithfidh tú a bheith ina lár chun é a thuiscint.

Is cuimhin le gach éinne an buachaill óg ón tSiria a fuarthas ar an trá báite an bhliain seo caite, ach éinne a bhfuil mac nó iníon acu cuireann siad a bpáiste fhéin in áit an bhuachalla sin agus is dócha go ndeineas an rud céanna le Noah Bublé.

Bhíomar ar fad ag féachaint ar Mhicheal Bublé ar an Late Late Show roinnt seachtainí ó shin agus sinn ar fad ag gáire leis. Ní raibh fhios aige fhéin an uair sin cad a bhí ag teacht.

Mar a dhéanadh Daid maith, chuaigh sé le am a caitheamh lena chlann agus chuir sé an chuid eile dá thuras bolscairea­chta ar ceal. Rud amháin is ea é a bheith ag déileáil leis seo sa bhaile ach scéal difriúil é a dhéanamh os comhair an phobail.

Sin an rud fé ailse, níl sí seicteach ná ciníoch ná aoisíoch ná gnéasaíoch. Is cuma léi cén doras atá roimpi, cnagfaidh sí agus déanfaidh pé ní is maith léi. Má tá tusa sa bhád céanna le muintir Bhublé, táim ag cuimhneamh ort.

 ??  ?? Grá: Michael ag pógadh Noah agus, ar chlé, Michael agus a bhean chéile Lopilato ag súgradh leis an tachrán
Grá: Michael ag pógadh Noah agus, ar chlé, Michael agus a bhean chéile Lopilato ag súgradh leis an tachrán
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland