Irish Independent - Seachtain

as 2016 den scoth!

-

n is mó, Steve Ó am RTÉ heantas feadh a ultúrna sa nuara agus achtais. htas an dh céad drach de c Aodha áilte an n Aoine, domsa,” as Rann n OireAodha coth na

Bhí craoltaí freisin ag Raidió Fáilte, Raidió na Life, Newstalk, BBC Blas ag dul ar aghaidh le linn an deiridh seachtaine.

Bhí plé agus caint bhríomhar ag Raidió Fáilte ar an Aoine agus iad ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód. Chuala an lucht féachana faoi na constaicí a bhí ann le teacht ar cheadúnas agus phléigh siad todhchaí an stáisiúin.

“Bhí muid iontach gnóthach le linn an deiridh seachtaine ach bhí an-chraic agam freisin,’ a deir Edel Ní Churraoin ó Raidió Fáilte. “Feiceann tú daoine nach bhfeiceann tú ó cheann ceann na bliana ag an Oireachtas.”

Fuair Sinn Féin neart aiseolas ar phlécháipé­is a sheol siad le linn an Oireachtai­s agus bhí an tAthair Frainc Mac Bhrádaigh iontach sásta leis an slua a mheall sé go Fóram an Timire.

“Seo an darna bliain as a chéile a d’eagraigh muid an fóram seo,” a dúirt Frainc, eagarthóir An Timire agus Foilseachá­in Ábhar Spioradált­a.

Sásta

“Tháinig níos mó daoine i mbliana ná a d’fhreastail air anuraidh agus táimid sásta leis an aiseolas agus leis na tuairimí ar fad a fuair muid.” Bhí réimse leathan seastán ann agus bhí eolas le fáil faoin gcuid is mó de na heagraíoch­taí Gaeilge. “Bhí deireadh seachtaine an-mhaith ar fad ann,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtai­s. “Tá daoine ann atá ag súil leis an gcéad bhliain eile cheana féin nuair a bheimid ar ais i gCill Airne arís.”

Thosaigh Oireachtas na Samhna 2016 ar an gCéadaoin seo caite le bronnadh na ngradam liteartha.

Bhuaigh Áine Ní Ghlinn Gradam Réics Carlo oíche Dé Céadaoin as a saothar Hata Zú Mhamó a d’fhoilsigh Cois Life i mbliana.

Bhuaigh Pádraic Breathnach an chéad duais sa chatagóir ficsin dá leabhar Dialann Mo Mháthar agus fuair Michelle Nic Pháidín an dara duais dá leabhar An tIriseoir.

Bhain Caitlín Ní Chualáin as Cois Fharraige i gConamara an gradam mór ar an Satharn.

Bhí 17 nduine san iomaíocht ar an oíche. Bhí suas go 1,200 duine i láthair ag an gcomórtas.

 ??  ?? Bród: Joe Steve Ó Neachtain le Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ar dheis, íomhánna ón Oireachtas Pictiúir le Seán Ó Mainnín
Bród: Joe Steve Ó Neachtain le Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ar dheis, íomhánna ón Oireachtas Pictiúir le Seán Ó Mainnín

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland