Babhtaí deireanacha de Chraobh na gClub linn...
Mí na Samhna agus is ar na babhtaí deireanacha de Chraobh na gClub atá muid dírithe.
I gCúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh a bheidh na cluichí leathcheannais peile Dé Domhnaigh.
Ó thuaidh, imreoidh Coill an Chlochair as Tír Eoghain in aghaidh Shleacht Néill ó Dhoire i bPáirc Lúthchleasa, Ard Mhacha, ag 2.30 in. Fuair Coill an Chlochair an ceann is fearr ar Oileán an Ghuail tar éis athimirt i gCraobh Thír Eoghain agus bhí siad ró-láidir do Charraigín i gcluiche ceathrú ceannais Uladh.
Seo an chéad uair ó 2003 go bhfuil siad tar éis teacht chomh fada leis seo.
D’imir Sleacht Néill i gcluiche ceannais na gclub in 2015 agus is iad rogha na n-údar anseo. Sa bhabhta leathcheannais eile, beidh Cill Chua as an Dún in aghaidh an Mhachaire ó Ard Mhacha i bPáirc Esler ag 2.30 in. Bhuaigh an Machaire craobh an chontae den chéad uair ar na mallaibh le Cill Chua ag gnóthú a gcúigiú ceann as a chéile.
Seaimpíní
Ó dheas, feicfear Crócaigh Chill Airne le Loch Mór-Caisleán Laighnigh as Tiobraid Árann i gCill Airne ag a 2 in, le Raonaithe Chairbré agus an Uidhir sa chluiche leathcheannais eile. Casfaidh Cora Fine, seaimpíní na Gaillimhe, le Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh i mbabhta leathcheannais Chonnacht, le Naomh Bríd as Ros Comáin mar rogha na coitiantachta an lámh in uachtar a fháil ar Achadh an Mhuilinn ó Liatroim.