Ceist na Gramadaí - An tUrú
Ciallaíonn an focal ‘urú’ ‘eclipse’. Tarlaíonn urú gréine nuair a ghluaiseann an ghealach os comhair na gréine agus clúdaíonn sí solas na gréine. Tarlaíonn an rud céanna le hurú a thagann os comhair litreach, clúdaíonn sé fuaim na litreach sin! Seo hiad n
mB-gC-nD-dT-nG-bP-bhF! Mar sin, is iad seo na litreacha a thógann urú: b,c, d, t, g, p, agus f. Mura bhfuil litir ar an liosta thuas, ní bhíonn urú uirthi! Ní féidir le haon litir urú difriúil a thógáil; ní féidir léi ach an ceann atá léi thuas a thógáil.
Cuirfidh an rím éasca seo an liosta i gcuimhne duit:
MY BROTHER GOT CAUGHT NOT DOING DISHES TONIGHT NOBODY GETS BLUEBERRY PIE BEFORE HE FINISHES! Agus cuirtear ‘ n- ‘ roimh na gutaí a,o,u,e,i más gá.
Seo iad na rialacha a bhaineann leis an urú:
1. Cuireann ‘i’ urú i gcónaí! (d/t san áireamh!) m.sh. i dteach éicint - i gcónaí - i mBaile Átha Cliath - i ndán dom. (Nóta - athraíonn ‘i’ go dtí ‘in’ roimh ghuta, m.sh. in árasán - in Áth Luain - in aice liom.) 2. Tar éis réamhfhocail agus an ailt uatha: ar an - ag an - thar an - chuig an - as an - roimh an *ón - *faoin - **leis an - **tríd an *Déantar aon fhocal amháin den réamhfhocal agus den alt anseo. ** Athraíonn na réamhfhocail seo roimh an alt.
m.sh. ag an gcóisir - faoin bpláta - ar an mbord - thar an ngeata – ón eitleán. ACH toisc go bhfuil DNTLS anseo, ní leanann urú réamhfhocal agus an t-alt roimh d/t.
m.sh. ag an doras - ón teach. 3. Tar éis na n-uimhreacha: 7-10
m.sh. seacht n-oíche - ocht mbord - naoi gcéad - deich mbliana d’aois. 4. Tar éis na n-aidiachtaí sealbhacha: ár, bhur, a.
m.sh. ár n-athair - bhur gcara - a n-obair bhaile. 5. Sa Tuiseal Ginideach Iolra - seo í an t-aon uair a fheicfidh tú ‘na + urú’.
m.sh. creideamh na ndaoine – Cumann na mBan – Gairdín na nAinmhithe - trasna na dtonnta. 6. Tar éis na míreanna seo san Aimsir Láithreach / Aimsir Fháistineach (agus Aimsir Chaite Neamhrialta): an, nach, go, cá (agus na cónaisc mura, sula).
m.sh. an bhfanann tú - nach mbíonn tú - ceapaim go dtarlaíonn sé cá dtéann tú - mura bhfuil tú - sula bhfágann tú. 7. Tar éis na míre seo sa Mhodh Coinníollach: dá (agus na cónaisc mura, sula). m.sh. Dá mbeadh - dá mbuafá - mura mbeadh - sula gceannófá.
Tabhair Faoi Deara! i V sa
Ciallaíonn ‘ i ’ in/ina . Ní bhaineann sé le háit faoi leith. Leanann urú é. Úsáidtear ‘ in ’ roimh ghuta. Ní athraíonn sé an focal a leanann é. Ciallaíonn ‘ sa ’ in the. Tá dhá fhocal san fhocal ‘sa’ - ‘i’ agus ‘an’. Leanann séimhiú é: i gcónaí - in oifig - sa bhaile.