Tá aitheantas tuillte ag fear Dhún Dealgan
Cluiche ríthábhachtach atá os comhair fhoireann sacair na hÉireann Dé Sathairn in aghaidh na hOstaire i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain 2018.
Le trí chluiche imeartha ag foireann na hÉireann i nGrúpa D agus gan cluiche caillte acu fós, bheidís ag súil go bhfaighidh siad ní éigin óna dturas thar lear.
Ach is mór an imní do Martin O’Neill iad na gortuithe atá ag méadú lá i ndiaidh lae. Níl Shane Long ar fáil agus baineadh Cyrus Christie den pháirc ina chluiche do Derby County in aghaidh Wolves ag an deireadh seachtaine.
Ina theannta sin, níor imir Stephen Ward ná John O’Shea lena gclub mar gheall ar ghortú ar theannán na hioscaide.
Painéal
Ainmníodh James McCarthy ar an phainéal cé go bhfuil gortú bléine ag cur as dó agus é sa lár i gcoimhlint phoiblí idir bainisteoir a chlub Everton Ronald Koeman agus Martin O’Neill.
D’imir McCarthy in aghaidh na Seoir- sia agus na Moldóive an mhí seo caite cé nach raibh sé tar éis traenáil le Everton ar feadh tamaill roimhe sin toisc go raibh sé ag teacht ar ais chuige féin ó dhul faoin scian dá heirne.
Léirigh Koeman chomh míshásta is a bhí sé faoi agus mhothaigh sé go raibh O’Neill ag cur barraíocht brú air, a shéan O’Neill go huile is go hiomlán.
Le linn na seachtaine, dúradh go poiblí go mba chóir do McCarthy fanacht sa bhaile, dearmad a dhéanamh ar an chluiche idirnáisiúnta agus díriú air é féin a dhul i mbun aclaíochta arís dá chlub.
Ghlac Koeman áfach go bhfuil an cinneadh leis an imreoir agus feicfimid cén sórt róil a bheidh ag McCarthy san oíche Dé Sathairn.
Dea-scéal do sheaimpíní na sraithe Airtricity, Dún Dealgan, ná go bhfuil beirt dá bhfoireann Daryl Horgan agus Andy Boyle ainmnithe ar an phainéal. Sheas taispeántas Horgan (ar chlé) amach go mór le linn na sraithe agus deich gcúl aimsithe aige agus tá an t-aitheantas tuillte go maith ag an bheirt.
Tuiscint
Thiocfaidh leat a rá go bhfuil tuiscint den scoth ag bainisteoir na hOstaire Marcel Koller ar Martin O’Neill agus an fhadhb chéanna aige maidir le heaspa roghanna os comhair cúil. Is é Marc Janko an bhagairt is mó atá ag an Ostair le 28 gcúl aimsithe aige le 59 gcluiche. Faoi láthair, seasann an Ostair sa cheathrú háit i nGrúpa D, le cluiche buaite acu in aghaidh na Seoirsia 2-1, comhscór 2-2 leis an Bhreatain Bheag agus chaill siad in aghaidh na Seirbia 3-2.