PRÓIFÍL LEATHANACH 2
KELLYANNE CONWAY BAINISTEOIR FEACHTAIS TRUMP
Nach mbíonn bean taobh thiar de gach fear? Tá iontas ar an domhan mhór i ndiaidh don Trumpach an lámh in uachtar a fháil i dtoghchán Mheiriceá. Mhaslaigh sé na Meicsicigh, na mná, na Moslamaigh agus go leor leor eile ach d’éirigh leis an bua a fháil. Níor measadh go raibh aon seans aige — ach d’athraigh sin ar an 17 Lúnasa nuair a d’fhostaigh sé Kellyanne Elizabeth Conway mar bhainisteoir feachtais. Agus anois is léir don domhan gur ise — thar aon rud ná aon duine eile — ba chúis lena bhua.
Cé hí “an cogar i gcluas Trump”? Sin an leasainm a tugadh ar Kellyanne. Rugadh i New Jersey í leis an sloinne Fitzpatrick uirthi mar gheall ar a hathair as Éirinn. B’Iodálach a máthair agus bhí ról lárnach ag mná ina saol ón lá a d’fhag a hathair an chlann agus í trí bliana d’aois. Tá ceathrar clainne aici féin anois. Ag tús an toghcháin, bhí sí ag tacú le Ted Cruz ach d’iompaigh sí i dtreo Trump chun deireadh a chur le Hillary Clinton.
Cén dóigh ar chuidigh sí leis? “Fúithi ar fad a bhí sé, a chairde” a d’admhaigh Trump ag an chóisir cheiliúrtha. An ról a bhí aici ná níos mó ban a mhealladh. Thuig mná meánaosta sna bruachbhailte í agus chuir siad muinín inti — in ainneoin go raibh Trump ag maíomh as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar mhná. Go bunúsach, is míorúilt a rud a rinne sí — mheall sé mná le vóta a thabhairt do dhuine a bhí bródúil as ionsaithe a dhéanamh orthu.
Cad é atá roimpi — agus romhainn — anois? Is cinnte go mbeidh post mór aici i rialtas Trump — tá sé tuillte aici. Agus caithfidh muid uilig a bheidh ag guí go mbeidh sí i gcónaí gar do Trump féin — seo bean chliste chríonna nach ligfidh don Uachtarán úr a lámh ar a chur ar an chnaipe dhearg ná an domhan a scrios. Tá súil againn!