Cé a bheidh mar laoch na bliana?
Thugamar sracfhéachaint an tseachtain seo caite ar Iománaithe na Bliana i rith na mblianta agus déanfaimid amhlaidh inniu leis na peileadóirí. Mar aon leis na hiománaithe saolaíodh Gradaim Texaco na Peile sa bhliain 1958. Go hÁth Cliath a chuaigh Corn Sam Mhig Uidhir an bhliain úd, an chéad chraobh ón mbliain 1942. San idirthráth tháinig claochlú mór ar chúrsaí peile san ardchathair ar a laghad agus b’fhéidir go raibh dearcadh nua ag neadú ins na ceantracha máguaird freisin.
Is amhlaidh go raibh aicme den bpobal dúchasach ag éileamh go mbeadh tús áite ag daoine a rugadh in Áth Cliath nó ar a laghad gur ann d’fhoghlamaíodar ceird na peile nuair bheadh foirne idirchontae á roghnú feasta.
Ba mhór an borradh misnigh a tháinig chucu le teacht Chlub Naomh Uinsionn mar churaidh an chontae den gcéad uair sa bhliain 1949. B’in fíorthobar fhorlámhas na gCluichí Gaelacha in Áth Cliath le tamall maith anois.
D’imir aonar déag de bhaill Chlub Naomh Uinsionn sa Chluiche Ceannais i ’58 nuair bhuadar ar Dhoire. Caoimhín ‘Heffo’ Ó hIfearnáin a bhí mar chaptaen.
Maidir le Peileadóir na Bliana áfach ba é Jim Mac Íomhair, laoch lár páirce Dhoire agus Chúige Uladh, a roghnaíodh. Ní cuimhin liom go raibh éinne ag gearán, scéim nua a bhí ann agus fáiltíodh roimhe.
Bliain i ndiaidh bliana as san ar aghaidh ar feadh tréimhse a mhair trí bliana agus tríocha roghnaíodh ball den fhoireann go raibh Craobh na hÉireann don mbliain buaite acu mar Pheileadóir na Bliana.
Ach d’fhill na moltóirí ar nós na bliana tosaigh i 1991, bliain gurbh iad an Dún a thóg Craobh na hÉireann leo. An Mhí a bhí mar chéilí comhraic acu sa Chluiche Ceannais.
Cad é mar bhliain a bhí ann i 1991. Nil dearmad déanta fós ar na ceithre cluichí iontacha a bhí idir an Mhí agus Áth Cliath. Bhí pobal na tíre faoi gheasa acu agus bhí gádh le gníomh neamhdha chun clabhsúr a chur leis na coimhlintí gaisciúla. Chuaigh an ‘Corn’ go Cúige Uladh den gcéad uair ó 1968 agus bronnadh Gradam Pheileadóir na Bliana ar Cholm ó Ruairc na Mí — inghlactha ag an bpobal agus cóir i bhfealsúnacht chothrom na Féinne.
Agus an bhfuil fhios agaibh gur tharla a mhacasamhail faoi dhó ó shin — Beirneárd Ó Brógáin Átha Cliath i mbliain 2011 agus ‘Lí’ Keegan Mhaigh Eo sa bhliain bheannaithe seo atá ag sleamhnú leis.
Cuirimis ceist mar chríoch: an dtiocfaidh an lá go mbronnfar an Gradam PNB ar imreoir nach raibh páirteach i gCluiche Ceannais na hÉireann?